Earraí a cheannach ar líne le haghaidh úsáid phearsanta
Aisíocaíocht Dleachta Custam agus Cánach Breisluacha (CBL)
Earraí ar Luach €150 nó níos lú
Má chuireann tú earra a ceannaíodh ó lasmuigh den AE ar ais, d'fhéadfadh sé nach n-aisíocfaí an Dleacht Custam agus an CBL leat. Ba chóir do thomhaltóirí polasaí aisdúichithe an mhiondíoltóra a sheiceáil sula ndéantar ordú.
Sa chás go n-athraíonn tomhaltóir a intinn maidir leis an gceannach agus go gcuirtear earraí ar ais chuig an soláthraí bunaidh, ní aisíocfaidh na húdaráis Chustaim na dleachtanna Custam €3.
Má tá earraí lochtach nó mura gcloíonn siad le téarmaí an chonartha, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis an ardán nó leis an díoltóir ar dtús. Ansin déan teagmháil leis an gcúiréir nó leis an oibreoir poist a phróiseáil na gnásanna iompórtála custaim thar do cheann maidir le haisíocaíocht dleachtanna Custam agus CBL.
Tabhair do d'aire
Má d'íoc tú CBL Éireannach go díreach leis an ardán nó leis an díoltóir ag an díolphointe (IUGI), féadtar iarratas a dhéanamh ina leith agus é a fháil mar chuid de d'aisíocaíocht fhoriomlán ón miondíoltóir. Faoi réir téarmaí agus coinníollacha an ardáin nó an díoltóra.
Earraí ar luach os cionn €150
Ba chóir do thomhaltóirí na téarmaí agus na coinníollacha maidir le polasaí aisdúichithe a sheiceáil sula ndéantar ordú.
Beidh ort teagmháil a dhéanamh leis an gcúiréir nó leis an oibreoir poist a phróiseáil na gnásanna iompórtála do do choinsíneacht nuair atá iarratas ar aisíocaíocht Dleachta Custam agus, nó CBL á dhéanamh agat maidir le hearraí a chuirtear ar ais.
Ní eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim aisíocaíochtaí go díreach do thomhaltóirí nó do dhaoine aonair i gcás ar bith.
Ar aghaidh: Ríomhphoist Calaoiseacha, SMS (Teachtaireachtaí Téacs) agus Glaonna Fóin