Earraí a cheannach ar líne le haghaidh úsáid phearsanta

Earraí a cheannach ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) (Seachas Tuaisceart Éireann)

Má cheannaíonn tú earraí le haghaidh úsáid phearsanta ó thaobh amuigh den AE, féadfaidh sé go bhfuil ort iad seo a leanas a íoc:

  • Dleacht Custam
  • Cáin Bhreisluacha (CBL)
  • Dleacht Mháil
  • Dleacht Frithdhumpála
  • Dleacht Frithchúitimh.

Ón 1 Iúil 2026

Beidh muirear dleachta custam €3 in aghaidh an earra i bhfeidhm ar fhormhór na bpacáistí ríomhthráchtála ar luach €150 nó níos lú a thagann isteach go hÉirinn ó lasmuigh den AE. Beidh impleachtaí dá bharr seo agus tú ag siopadóireacht ar líne agus beidh méadú ar tháillí agus íocaíochtaí.

Beidh feidhm ag an dleacht chustam €3 in aghaidh an earra maidir le beartáin a sheoltar chuig tomhaltóirí ó thríú tíortha (lasmuigh den AE).

Ciallaíonn sé seo go mbíonn táille €3 ar leith i gceist le gach cineál táirge ar leith i mbeartán.

Cén chaoi a n-íocfar an Dleacht Custam nua

Íocfaidh tomhaltóirí an Dleacht Custam €3 in aghaidh an earra ar dhá bhealach, ag brath ar théarmaí agus coinníollacha an ghnó a bhfuil siad ag ceannach uaidh:

  • Dleacht a ghearrtar ag an tseiceáil amach: Déanfar roinnt suíomhanna idirlín a shocrú ionas gur féidir an dleacht a bhailiú ag an díolphointe. Sa chás seo, taispeánfar an dleacht €3 duit agus léireofar gurb é an praghas iomlán a íocann tú ag an tseiceáil amach an praghas deiridh, gan aon táillí custam breise ag tráth an tseachadta.
  • Dleacht a ghearrtar ag tráth an tseachadta: D'fhéadfadh sé nach mbaileodh suíomhanna idirlín eile an dleacht ag an tseiceáil amach. Más amhlaidh an cás, éileoidh an chuideachta seachadta (mar shampla, d'oibreoir poist nó do chúiréir) ort an dleacht €3 in aghaidh an earra a íoc sular féidir d'earraí a sheachadadh.

Gníomhartha le glacadh ag tomhaltóirí: Sula ndéantar aon rud a cheannach, seiceáil téarmaí agus coinníollacha an tsuímh idirlín chun tuiscint a fháil ar conas a chuireann an gnó atá ag díol na hearraí muirir Custam i bhfeidhm. 

Má bhain an miondíoltóir úsáid as Ionad Uileghnó Iompórtála (IUGI), ní bheidh aon CBL eile dlite ag tráth na hiompórtála toisc go bhfuil CBL íoctha ag an díolphointe.

Mura n-úsáideann an miondíoltóir IUGI, beidh CBL ag tráth na hIompórtála, lena n-áirítear CBL ar an muirear dleachta custam €3 in aghaidh an earra, dlite nuair a iompórtáiltear go hÉirinn.

An chaoi a ríomhtar an méid atá dlite le híoc agat agus earraí os cionn €150 á gceannach ar líne ó thaobh amuigh den AE

Dleacht Custam

Is éard é an luach Custam ar a ríomhtar Dleacht Custam d'earraí os cionn €150 ná costas na n-earraí móide costais shonracha amhail:

  • iompar (lena n-áirítear postas)
  • agus
  • aon árachas.

Is ar na hearraí a iompórtálann tú a bhraitheann an ráta Dleachta Custam a fheidhmítear. Féadtar na rátaí uile a fháil sa bhunachar sonraí TARIC.

CBL

Tá CBL iníoctha ar earraí ag an ráta CBL a bheadh i bhfeidhm dá gceannófaí na hearraí in Éirinn. Is é luach na n-earraí chun an CBL a ríomh ná an luach Custam (a thuairiscítear thuas) móide aon dleacht nó cáin eile (gan CBL san áireamh) iníoctha.

Dleacht Mháil

Tá Dleacht Mháil iníoctha ar tháirgí alcóil agus tobac agus tá sí ar leithligh ó Dhleacht Custam. Baineann rátaí éagsúla Dleachta Máil le hearraí éagsúla. Féach Cáin ar Tháirgí Alcóil agus Cáin ar Tháirgí Tobac le haghaidh tuilleadh eolais.

Dleacht Frithdhumpála agus Dleacht Frithchúitimh

Dleachtanna breise iompórtála is ea iad seo a ghearrtar ar earraí, sa bhreis ar na gnáthdhleachtanna a ghearrtar. Is é cuspóir na muirear seo ná cosc a chur ar iompórtálacha saora ó thíortha a bhfuil costais ábhair agus saothair níos ísle iontu, rud a dhéanann damáiste do thionscal an AE. Féadtar seiceáil a dhéanamh an bhfuil tionchar ag Dleachtanna Frithdhumpála nó Frithchúitimh ar d’earraí sa bhunachar sonraí TARIC.

Léiríonn na samplaí thíos conas an an tsuim atá dlite le híoc agat ar earraí a bhfuil luach intreach os cionn €150 acu a ríomh nuair a cheannaíonn tú ar líne ó thaobh amuigh den AE. Ní samplaí uileghabhálacha iad seo, áfach, clúdaíonn siad raon earraí agus rátaí dleachta. Féadtar modh an ríofa a chur i bhfeidhm ar aon earra. Féadfaidh sé go bhfuil dleacht iompórtála agus cáin san áireamh i bpraghsanna roinnt suíomhanna idirlín.

Ar aghaidh: Earraí a cheannach ó thír de chuid an Aontais Eorpaigh (AE)