Earraí a cheannach ar líne le haghaidh úsáid phearsanta

Ríomhphoist Calaoiseacha, SMS (Teachtaireachtaí Téacs) agus Glaonna Fóin

Tá na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas go bhféadfadh calaoiseoirí iarracht a dhéanamh leas a bhaint as an muirear dleachta custam nua. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ríomhphoist ná SMS (Teachtaireachtaí Téacs) riamh a éilíonn ar thomhaltóirí nó ar dhaoine aonair nasc a chilceáil agus muirear Dleachta Custam a íoc.

Má fhaigheann tú teachtaireacht ag rá go gcaithfidh tú muirir chustaim a íoc, ba chóir duit stopadh agus a chinntiú an bhfuil sé dlisteanach sula gcliceálann tú ar aon nasc sa teachtaireacht. Is féidir leis na gníomhartha thíos cabhrú leat tú féin a chosaint ó sceamálaithe: 

  • Ní rachaidh na Coimisinéirí Ioncaim i dteagmháil leat riamh ag lorg muirir chustam.  
  • Má tá muirir dlite ag tráth an tseachadta, íocfar iad i gcónaí leis an cúiréir, leis an oibreoir poist nó leis an ngníomhaire imréitigh custam.
  • Smaoinigh siar – an bhfuil na muirir chustam seo íoctha agat cheana féin ag an tseiceáil amach? 
  • Seiceáil suíomh idirlín an chúiréara chun eolas a fháil ar an gcaoi a n-iarrfaidh siad ort íoc.  
  • Ní sheolfaidh An Post, mar shampla, nasc i dteachtaireacht téacs riamh. Is camscéim é aon téacs custam a mhaíonn gur ó An Post é agus a bhfuil nasc íocaíochta inchliceáilte ann.  

Ba chóir do chustaiméirí a bheith ar an airdeall ar na camscéimeanna seo agus gan naisc a oscailt ach nuair atádar muiníneach go bhfuil sé dlisteanach.

Tuilleadh eolais

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoi aon cheann de na nithe thuasluaite, déan teagmháil leis an Aonad Ríomhthráchtála.