Earraí a cheannach ar líne le haghaidh úsáid phearsanta

Cén chaoi le do tháillí iompórtála a íoc

  • I gcás earraí á n-iompórtáil tríd an bpost:
    • Déanfaidh An Post teagmháil dhíreach leatsa, mar iompórtálaí.
    • Féadfaidh sé go dtaispeánfar na táillí iompórtála dlite ar dhuillín Custam ceangailte de do phacáiste.
    • Féadfaidh An Post teagmháil a dhéanamh leat trí chárta fógra muirir Custam, agus féadfaidh teagmháil trí SMS nó rphost a bheith ann.
  • I gcás earraí á n-iompórtáil le cúiréir:
    • Ríomhfaidh an cúiréir an tsuim muirear atá dlite le híoc agat.
    • Íocann an chuid is mó de chúiréirí na muirir iompórtála go díreach leis na Coimisinéirí Ioncaim ar do shon agus faigheann na muirir iompórtála ar ais uait.

Ní mór duit na muirir seo a íoc le An Post nó leis an gcúiréir sula scaoilfidh siad d’earraí duit.

Más iompórtálaí rialta tú, féadfaidh sé go n-iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ort clárú le haghaidh Uimhir Chláraithe agus Aitheanta Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI).

Ar aghaidh: Cén chaoi le haisíocaíocht Dleachta Custam agus Cánach Breisluacha (CBL) a éileamh