Aicmiúchán

Má dhéanann tú earraí a iompórtáil nó a easpórtáil isteach nó amach as an Aontas Eorpach (AE), ní mór duit na hearraí sin a aicmiú chun críocha custam. Tá cód sonrach ag gach táirge.

Leis an gcód aicmiúcháin, deimhnítear an tsuim Dleachta Custam a íocfaidh tú ar earraí iompórtáilte.

Féadtar TARIC a úsáid chun do chuid earraí a aicmiú de réir cód cuí a mbeidh gá leis chun d’earraí a iompórtáil nó a easpórtáil.

Beidh tú in ann féachaint ar an ábhar seo a leanas in TARIC:

  • dleachtanna ar fionraí
  • cuótaí taraife
  • tosaíochtaí taraife
  • bearta frithdhumpála.

Athruithe cóid TARIC

Is gnách go n-athraítear na cóid TARIC ar 1 Eanáir gach bliain. Féadann athruithe eile teacht ar na cóid TARIC ag tráth ar bith le linn na bliana gan mórán fógra ó Choimisiún an AE. Féadtar seiceáil má athróidh do chóid TARIC in TARIC ach an dáta tagartha a athrú.

Cén áit a bhfuil tuilleadh cabhrach ar fáil ar earraí a rangú?

Bá chóir duit dul i gcomhairle leis na foinsí sa liosta thíos chun tuilleadh cabhrach a fháil i leith earraí a rangú.

Ainmníocht chomhcheangailte 2024

Tá cód sonrach aicmiúcháin ocht ndigit ag gach táirge de réir na hainmníochta comhcheangailte 2024. Leagtar amach anseo chomh maith na rialacha ginearálta chun earraí a aicmiú chun leibhéal ocht ndigit. Tá feidhm leis na cóid seo ón 1 Eanáir 2024. Tugtar an ainmníocht chomhcheangailte cothrom le dáta uair sa bhliain.

Tá eolas úsáideach sna nótaí míniúchán in combined nomenclature explanatory notes chun tuiscint a fháil ar na ceannteidil éagsúla taraife, ach níl sé ina cheangal dlí.

Leis na táblaí in correlation tables féadtar a fheiceáil má athraíodh ná cóid aicmiúcháin a úsáideann tú. Tá sé tábhachtach do thrádálaithe na cóid a sheiceáil le deimhniú má bhí aon athrú ann.

An fardal Eorpach custam maidir le substaintí ceimiceacha

Féadtar an database seo a úsáid chun cabhrú leat ceimiceáin a shainaithint agus iad a aicmiú.

Faisnéis Taraife Cheangailteach (BTI)

Má theastaíonn cinnteacht dhlíthiúil maidir le rangú do chuid earraí, tá tuilleadh eolais le fáil faoi BTI.

EUR-Lex

Leis seo, tugtar rochtain saor ó tháille ar dhlí an Aontais Eorpaigh agus ar dhoiciméid eile. Tá eolas i ndáil le Rialacháin ón gCoimisiún agus Cinntí ón gCoimisiún ar fáil ar EUR-Lex.

Eagraíocht Dhomhanda Custam

Tá eolas eile i leith d’earraí a aicmiú chun críocha custam ar fáil ón World Customs Organisation.

CLASS - Córas Faisnéise Aicmiúcháin

Tá pointe rochtana singil do chineálacha éagsúla faisnéise aicmiúcháin forbartha ag an gCoimisiún Eorpach ar a dtugtar CLASS. In CLASS, beidh an faisnéis aicmiúcháin seo a leanas ar fáil:

  • Conclúidí an Choiste um an gCód Custaim.
  • Rialacháin Aicmiúcháin.
  • Rialacháin de chuid Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa.
  • Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) agus Nótaí Míniúcháin AC.
  • Eolas ar TARIC.

Aonad aicmiúcháin

Má theastaíonn comhairle nó cabhair uait chun d’tháirge a aicmiú, déan teagmháil leis an Aonad Aicmiúcháin.

Teastaíonn an t-eolas a leanas uait maidir le d'thairge:

  • Céard é d'tháirge?
  • Cén cuma atá ar d'tháirge?
  • Céard a dhéanann sé nó cén chaoi a úsáidtear é?
  • As cén rud a bhfuil sé déanta?
  • An bhfuil aon tréithe shainiúil ag baint leis?

Cé go ndéanann an t-aonad seo gach iarracht comhairle chruinn a chur ar fáil i ndáil le haicmiúchán taraifí, níl an chomhairle ina ceangal dlí. Má theastaíonn cinnteacht dhlíthiúil uait maidir le cód taraife, molann na Coimisinéirí Ioncaim go gcuireann tú isteach ar Faisnéis Taraife Cheangailteach (BTI).