Cuótaí taraife
Is éard is cuótaí taraife ann ná suimeanna teoranta d’earraí sonracha:
- a fhéadtar a iompórtáil le linn tréimhsí sonracha ag ráta laghdaithe nó ag ráta nialasach dleachta custam.
- go bhféadtar an tsuim a fhéadtar a iompórtáil a thabhairt ina n-aonaid chainníochta, luacha, toirte nó meáchain.
- féadfaidh sé go n-athróidh na tréimhsí bailíochta, mar shampla, go bliantúil, go míosúil, agus mar sin de.
Chun tairbhe a bhaint as cuóta taraife, ní mór duit an cuóta a éileamh ar do dhearbhú custam lena scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíocht. Ní mór go dtiocfaidh dáta glactha an dearbhaithe custam taobh istigh de thréimhse bhailíochta an cuóta sin.
Féadtar chomh maith éileamh ar chuóta taraife a chur san áireamh ar dhearbhú iompórtála réamhthíolactha. Féadtar teacht ar thuilleadh eolais in eCustoms notification 028/2021.
Déantar an chuid is mó de chuótaí taraife an tAontas Eorpaigh a bhainistiú de réir an phrionsabail “tús freastail ar an gceann is túisce”. Bainistítear cuótaí den chineál sin in ord cróineolaíoch dátaí glactha an dearbhaithe custam lena scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíocht.
Tá roinnt cuótaí taraife sonracha de chuid an Aontais ar fáil do tháirgí talmhaíochta áirithe nach n-oibríonn faoin gcóras bainistíochta “tús freastail ar an gceann is túisce”. Tá na cuótaí seo bainistithe agus rialaithe ag comhaontú ceadúnais tríd an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Féadtar an bunachar TARIC a sheiceáil le cinntiú an bhféadtar cuóta a éileamh ar iompórtáil d’earraí. Cuirtear uimhreacha ordaithe cuóta le haghaidh cóid aicmithe táirge cuí (AC) agus tír thionscnaimh ar fáil ar TARIC, mar shampla An Ríocht Aontaithe.
Féadtar an Tariff Quota Consultation Database a sheiceáil le haghaidh sonraí ar an iarmhéid cuóta atá ar fáil ach an uimhir ordaithe a úsáid. Má tá cuóta áirithe ríthábhachtach nó faoi réir tréimhse blocála, beidh ort urrús a chur ar fáil. Beidh an t-urrús a chuirfear ar fáil don ráta iomlán dleachta neamhchuóta. Níl aon ráthaíocht ann go leithdháilfear cuóta fiú má tá iarmhéid ann tráth an dearbhaithe. Baineann sé seo go háirithe nuair a bhíonn an t-iarmhéid atá ar fáil teoranta nó ag laghdú go tapa.
Nuair atá cuóta taraife á éileamh agat ar dhearbhú custam, déan cinnte go bhfuil dóthain cistí ar fáil chun aon éarlais riachtanach a chlúdach. Má tá fadhb leis an iarratas ar éarlais, ní sheolfar d'iarratas ar chuóta chuig an gCoimisiún Eorpach. I gcás cistí neamhleora, ní leithdháilfear an t-iarratas cuóta.
Tuilleadh eolais
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, nó má tá ceist ar leith agat maidir le cuótaí taraife, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Aonad um Thionscnamh agus Luacháil.