Dleacht Frithdhumpála (DFD) agus Dleacht Frithchúitimh (DFC)

Dleachtanna breise iompórtála is ea an Dleacht Frithdhumpála agus an Dleacht Frithchúitimh a ghearrtar ar earraí sa bhreis ar na gnáthdhleachtanna a ghearrtar. Baineann na dleachtanna seo le hearraí iompórtáilte a dhíoltar san Aontas Eorpach (AE) ar phraghsanna atá níos ísle go maith ná a ngnáthluach.

Tugadh na Dleachtanna Frithdhumpála isteach chun tionscal an AE a chosaint ón damáiste féideartha is cúis le hearraí ar phraghas íseal a dhumpáil ar mhargadh an AE.

Baineann an Dleacht Frithchúitimh le hearraí a bhain leas as fóirdheontais rialtais ina dtír thionscnaimh. Is é atá mar thoradh air seo ná praghsanna atá níos ísle go maith ná na gnáthphraghsanna.

Is gnách go dtugtar na muirir seo isteach tar éis gearán a bheith déanta ag trádálaí AE i gcoinne dumpáil earraí nó tar éis fóirdheontais a bheith tugtha isteach. Déanann Coimisiún an AE scrúdú ar ghearáin dá leithéid.

Cén fhad a bheidh feidhm le Dleachtanna Frithdhumpála agus Dleachtanna Frithchúitimh?

Tá feidhm ag na muirir seo:

  • go sealadach (ar feadh tréimhse suas le naoi mí)
  • go cinntitheach (de ghnáth ar feadh tréimhse cúig bliana).

Gearrfar dleacht shealadach má léirítear i réamh-imscrúdú an Choimisiúin AE:

  • gur tharla dumpáil
  • gur tugadh fóirdheontais isteach.

Sna cúinsí seo, tosóidh Coimisiún an AE ar imscrúdú iomlán.

Má dheimhníonn an t-imscrúdú iomlán gur tharla dumpáil nó gur tugadh fóirdheontais isteach, gearrtar na muirir go cinntitheach. 

Bearta siarghabhálacha frithdhumpála agus frithchúitimh

Uaireanta iompórtáiltear stoic mhóra de na táirgí faoi imscrúdú dumpála roimh chríoch an imscrúdaithe. Déantar é seo uaireanta chun íocaíocht aon Dleachtanna Frithdhumpála nó Dleachtanna Frithchúitimh a sheachaint a d’fheadfaí a ghearradh. Sna cúinsí seo, féadfaidh sé go mbeidh feidhm shiarghabhálach le dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh.

I gcásanna den chineál seo, féadtar beart clárúcháin a ghearradh ar na táirgí. Mar gheall ar na bearta seo, féadann sé a bheith indéanta Dleachtanna Frithdhumpála agus Dleachtanna Frithchúitimh a ghearradh go siarghabhálach (oiread agus naoi mí) tar éis na hearraí a bheith iompórtáilte.

Féadtar fáil amach má tá bearta siarghabhálacha, Dleachtanna Frithdhumpála nó Dleachtanna Frithchúitimh i gceist le d’earraí ach féachaint ar TARIC.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Dhleachtanna Frithdhumpála nó Dleachtanna Frithchúitimh, féach ar Threoir bhreise.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Thionscnamh agus Luacháil.