Seolann na Coimisinéirí Ioncaim feachtas faisnéise athluachála na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ)
Tá an chéad tréimhse luachála eile don Cháin Mhaoine Áitiúil ag druidim linn. Chuir na Coimisinéirí Ioncaim tús le feachtas faisnéise leis na chéad fhógraí raidió faoi luacháil. Sna seachtainí amach romhainn, beidh na Coimisinéirí Ioncaim i dteagmháil le húinéirí maoine chun comhairle a chur orthu faoi céard is gá dóibh a dhéanamh agus cén uair is gá dóibh an méid sin a chur i gcrích.
Ní mór d'úinéirí maoine trí phríomhchéim a chomhlánú:
- Banda luachála a maoine ar an 1 Samhain 2025 a chinneadh.
- A dTuairisceán CMÁ a thíolacadh, lena n-áirítear an banda luachála, faoin 7 Samhain 2025.
- Íoc, nó déan socruithe chun do mhuirear CMÁ a íoc, do 2026.
Beidh feidhm ag an mbanda luachála nua seo do gach muirear CMÁ atá dlite ó 2026 go dtí 2030.
Is cáin féinmheasúnaithe í CMÁ, a chiallaíonn go gcaithfidh úinéirí maoine luach margaidh reatha a maoine cónaithe a mheas. Tá treoir nuashonraithe agus uirlis luachála idirghníomhach ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim chun cabhrú leis seo. Cuireann an uirlis meánbhanda luachála measta ar fáil do mhaoine cónaithe i ngach ceantar, bunaithe ar Eircode nó láithreán.
Meabhraíonn na Coimisinéirí Ioncaim d'úinéirí maoine gur treoir amháin atá san uirlis luachála. Ba chóir d'úinéirí gnéithe agus riocht a gcuid maoine a mheas agus foinsí faisnéise breise a úsáid nuair is gá chun an luacháil is cruinne a chinneadh.
Mhol Katie Clair, Príomhoifigeach i mBrainse Cánach Maoine Áitiúla na gCoimisinéirí Ioncaim, rannpháirtíocht luath:
"Táimid ag iarraidh ar gach úinéir maoine cónaithe trí chéim shimplí ach riachtanacha a ghlacadh: banda luachála do mhaoine a chinneadh, é a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim ar do thuairisceán CMÁ, agus modh íocaíochta a shocrú suas do 2026. Áirítear leis seo úinéirí maoine nach raibh faoi dhliteanas CMÁ roimhe seo, ach a bheidh ó 2026 ar aghaidh. Tá an próiseas tapa agus simplí, agus is féidir é a chur i gcrích ar líne laistigh den Tairseach CMÁ, ar féidir teacht air trí Revenue.ie, moChúrsaí nó ROS."
Chuir sí in iúl chomh maith:
"Ní mór maoine cónaithe nua nó neamhchláraithe roimhe seo, mar shampla, tithe a bhí tréigthe ach a athchóiríodh a chlárú anois le haghaidh CMÁ agus luacháil a dhéanamh orthu amhail an 1 Samhain 2025. Ceanglaítear ar úinéirí maoine folmha Tuairisceán CMÁ a thíolacadh freisin. Fiú má tá tú díolmhaithe ó CMÁ a íoc, ní mór duit Tuairisceán a thíolacadh"
Tugann an comhfhreagras atá á eisiúint mar chuid den fheachtas faisnéise seo léargas ginearálta ar na céimeanna ar chóir d'úinéirí maoine a ghlacadh, agus tá sampla den méid seo ar fáil thíos.
Tá tuilleadh treorach agus uirlisí ar fáil ag www.revenue.ie/lpt.
[CRÍOCH 19/09/25]