Feachtas Cánach Maoine Áitiúla

Cáin Maoine Áitiúil

A úinéirí maoine cónaithe, ba chóir do thuairisceán Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a bheith tíolactha agat cheana féin don tréimhse 2026 go 2030 faoin 12 Samhain 2025. Mura bhfuil, ba chóir é a dhéanamh láithreach.

Léiríonn ár dtaifid nach bhfuil tuairisceáin tíolactha do 370,000 maoin ar fud na tíre. Áirítear leis seo thart ar 240,000 úinéir maoine atá ag íoc a ndliteanas CMÁ 2026 trí mhodh íocaíochta athfhilltí, amhail:

  • dochar díreach míosúil
  • asbhaint tuarastail.

Tuigeann muid gurb é seo an chéad phróiseas athluachála atá ar siúl ó 2021. Féadfaidh sé nach mbeidh a fhios ag úinéirí maoine atá ag íoc a CMÁ trí dhochar díreach nó asbhaint tuarastail go gcaithfidh siad tuairisceán a thíolacadh freisin.

Tabhair do d’aire

Mar úinéir moine cónaithe, ní mór duit tuairisceán CMÁ a thíolacadh mar chuid den phróiseas athluachála don tréimhse luachála 2026 go 2030. Is amhlaidh an cás fiú má d'fhan do mhaoin sa bhanda luachála céanna.

Sula gcuireann tú do thuairisceán isteach, beidh ort banda luachála do mhaoine a chinneadh amhail an 1 Samhain 2025. Tá tuilleadh eolais faoin gcaoi ar féidir é sin a dhéanamh leagtha amach thíos. Ina theannta sin, ní mór duit socruithe a dhéanamh chun an muirear CMÁ a íoc le haghaidh 2026.

Cuireann muid raon roghanna íocaíochta solúbtha ar fáil. Tá am ann fós chun socruithe a chur i bhfeidhm chun do dhliteanas CMÁ 2026 a íoc thar thréimhse laghdaithe 10 mí trí:

  • dochar díreach míosúil
  • asbhaint tuarastail.

Tá an rogha agat chomh maith íoc trí asbhaint bhliantúil amháin, a phróiseálfar Dé hAoine, an 20 Márta 2026.

Is cáin fhéinmheasúnaithe í CMÁ agus tá tusa freagrach as a chinntiú go bhfuil an banda luachála ceart tíolactha le haghaidh do mhaoin. Cinnfidh an banda luachála a thíolactar do muirear CMÁ, cé nach bhfuiltear ag súil go ríomhfaidh tú an muirear sin. Ríomhfaidh an tairseach CMÁ é seo duit go huathoibríoch, bunaithe ar an mbanda luachála a thíolacann tú.

Soláthraíonn suíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim treoir agus tacaíocht chun cabhrú le húinéirí an banda luachála cuí á roghnú dá maoin.

Cliceáil anseo chun rochtain a fháil ar Threoir Luachála Maoine na gCoimisineirí ioncaim.
Cliceáil anseo chun rochtain a fháil ar an tairseach CMÁ agus do thuairisceán CMÁ a thíolacadh.

Soláthraíonn suíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim tuilleadh eolais mhionsonraithe chun cabhrú le húinéirí maoine. Áirítear leis seo, i measc nithe eile, eolas faoi na roghanna íocaíochta éagsúla atá ar fáil.

Cliceáil ar na naisc thíos le haghaidh tuilleadh eolais:

Do mhaoin a luacháilDo dhliteanas CMÁDo CMÁ a íoc
Do thuairisceán CMÁ a thíolacadhDíolúintí CMÁComhlíontacht CMÁ