Díolúintí ó Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) le haghaidh 2026 go dtí 2030

Léargas ginearálta

Tabhair do d'aire

Fiú má tá do mhaoin incháilithe le haghaidh díolúine, iarrtar ort fós do mhaoin a luacháil agus do luacháil a thíolacadh chuig na Coimisinéirí Ioncaim i do Thuairisceán CMÁ.

Tá maoine áirithe díomhaithe ón CMÁ má chomhlíonann siad coinníollacha cáilitheacha. Tá coinníollacha cáilithe sonracha ag baint le gach díolúine.

Conas díolúine CMÁ a éileamh

Féadfaidh tú díolúine a éileamh mar chuid de do Thuairisceán CMÁ.

Má thíolaic tú Tuairisceán CMÁ roimhe seo agus murar éiligh tú díolúine a bhí tú i dteideal a fháil, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an mBrainse CMÁ.

Má thíolacann tú d'iarratas tríd an bpost, beidh ort an méid seo a leanas a chur ar fáil:

I gcás roinnt díolúintí, is gá duit iarratas de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a chomhlánú freisin. Féadtar tuilleadh eolais a fháil ar an leathanach ábhartha sa rannán seo maidir leis na doiciméid is gá duit a thíolacadh do gach díolúine.

Féadtar díolúine a éileamh don bhliain le haghaidh 2026, fiú murar éiligh tú an díolúine sin roimhe seo.

Conas díolúine a éilíodh go mícheart a leasú

Má d’éiligh tú díolúine CMÁ nach bhfuil tú i dteideal a fháil, ba chóir duit do Thuairisceán CMÁ a cheartú. Féadtar é seo a dhéanamh trí 'Leasaigh tuairisceán' a roghnú tríd an tseirbhís CMÁ ar líne.

Beidh aon mhuirear breise CMÁ faoi réir muirir úis.

Díolúintí CMÁ nach bhfuil ar fáil a thuilleadh

Chun eolas a fháil ar na díolúintí CMÁ a bhí i bhfeidhm sna blianta 2013 go dtí 2021, féach Díolúintí CMÁ le haghaidh 2013 go dtí 2021.

Tá maoine atá faoi úinéireacht Comhlachta Forfheidhmithe Thuaidh–Theas (taobh istigh de mhíniú an Achta um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999) díolmhaithe ón CMÁ.

Ar aghaidh: Maoine neamháitithe ar feadh tréimhse shínte de dheasca an t-úinéir a bheith tinn