Díolúintí ó Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) le haghaidh 2026 go dtí 2030
Maoine atá faoi úinéireacht carthanais nó chomhlachta phoiblí
Féadann maoine ar le carthanais iad a bheith díolmhaithe ó Cháin Maoine Áitiúil (CMÁ). Tá dhá díolúine ar fáil do mhaoine cónaithe de chuid carthanas nó comhlacht poiblí. Braitheann an díolúine a fhéadann a bheith i bhfeidhm ar úsáid na maoine.
Maoine arna n-úsáid ag carthanas nó ag comhlacht poiblí a sholáthraíonn cóiríocht riachtanas speisialta
Baineann an díolúine seo le maoine cónaithe de chuid carthanas nó comhlacht poiblí.
Coinníollacha cáilitheacha
Chun cáiliú don díolúine seo, ba chóir go n-úsáidtear an mhaoin chun lóistín a chur ar fáil do dhaoine:
- a bhfuil riachtanas áirithe acu, amhail seanaois, nó éagumas intinne nó fisiciúil
- agus
- a bhfuil lóistín agus cabhair speisialta de dhíth orthu chun cur ar a gcumas cónaí sa phobal.
Ní bhaineann an díolúine seo le maoine cónaithe a úsáidtear chun cóiríocht riachtanas ginearálta a chur ar fáil. Baineann cóiríocht riachtanas ginearálta le tithíochta a chuirtear ar fáil do dhaoine nach bhfuil riachtanas áirithe acu seachas riachtanas tithíochta.
Maoine seirbhísí áineasa ar le carthanais iad
Baineann an díolúine seo le maoine cónaithe áirithe de chuid comhlachtaí carthanúla.
Coinníollacha cáilitheacha
Baineann an díolúine seo le hábhar nuair a húsáidtear maoin atá faoi úinéireacht an chomhlachta carthanúil:
- mar chóiríocht chónaitheach
- i dtaca le gníomhaíochtaí áineasa
- agus
- mar chuid lárnach de chuspóir carthanúil an chomhlachta.
Samplaí is ea maoine a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí de chuid na mbrídíní agus na ngasóg.
Doiciméid tacaíochta
Féadfaidh sé go n-iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim deimhniú i ndáil le húsáid shonrach na maoine ag an gcarthanas.
Incháilitheacht roimhe seo
Má bhí tú i dteideal an díolúine seo in 2026, ba chóir duit í a éileamh ar do Thuairisceán CMÁ. Mura bhfuil athrú tagtha ar do chúinsí agus má tá tú i dteideal díolúine, tabharfar do dhíolúine ar aghaidh go dtí 2027 go huathoibríoch.
Athruithe i leith incháilitheachta
Sa chás nach gcomhlíontar coinníollacha cáilithe na díolúine a thuilleadh do do mhaoin, ní leanfaidh an díolúine de bheith i bhfeidhm ach go dtí deireadh na bliana amháin. Tiocfaidh an mhaoin de bheith faoi dhliteanas CMÁ ar an gcéad dáta dlite eile. Ba chóir duit an Brainse CMÁ a chur ar an eolas mura bhfuil tú incháilithe don díolúine a thuilleadh.
Má dhíoltar do mhaoin, leanfaidh an díolúine i bhfeidhm go dtí deireadh na bliana. Beidh an mhaoin faoi dhliteanas CMÁ ar an gcéad dáta dlite eile.
Ar aghaidh: Tithe altranais atá cláraithe