Do mhaoin a luacháil

Léargas ginearálta

Gheobhaidh tú eolas sa rannán seo ar an gcaoi le do Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) a luacháil.

Cáin fhéinmheasúnaithe is ea CMÁ atá bunaithe ar do luacháil féin ar do mhaoin. Tá do mhuirear CMÁ bunaithe ar do luacháil maoine amhail an 1 Samhain 2021. Cinnfidh luacháil do mhaoine ar an dáta seo do mhuirear CMÁ atá le híoc agat do na blianta 2022 go dtí 2025.

Má bhí do mhaoin faoi dhliteanas CMÁ in 2023, ba chóir go ndearna tú do luacháil a thíolacadh ar do Thuairisceán CMÁ cheana féin. Mura bhfuil sé déanta agat cheana féin, ba chóir duit é a dhéanamh láithreach.

Tabhair do d'aire

Má tá luach margaidh do mhaoine amhail an 1 Samhain 2021 tíolactha agat, ní theastaíonn aon luacháil eile go dtí 2025.

Mhaoin faoi nua-dhliteanach

Tá do mhaoin chónaithe nua-dhliteanach don CMÁ in 2024 más rud é:

  • gur maoin chónaithe nua-thógtha atá inti a críochnaíodh tar éis an 1 Samhain 2022 agus ar nó roimh an 1 Samhain 2023
  • tháinig sé de bheith áitithe, nó feiliúnach le húsáid mar áit chónaithe tar éis an 1 Samhain 2022 agus ar nó roimh an 1 Samhain 2023.

I gcásanna den chineál sin, beidh ort luach do mhaoine a mheas, amhail is go raibh sí lánchríochnaithe, ar 1 Samhain 2021. Cinnfidh sé seo an tsuim CMÁ atá le híoc gach bliain do 2023 go dtí 2025.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar cibé acu an bhfuil do mhaoin faoi dhliteanas CMÁ nó nach bhfuil, féach ‘Maoine a thagann de bheith faoi dhliteanas CMÁ'.

Má tá to Thuairisceán CMÁ tíolactha agat cheana féin, ach gur mian leat anois do luacháil a leasú, féach Cén chaoi le do Thuairisceán CMÁ a cheartú.

Ar aghaidh: An chaoi le luacháil a dhéanamh ar do mhaoin