Dliteanas Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ)
Maoine a thagann de bheith faoi dhliteanas CMÁ
Más maoin chónaithe í do mhaoin ar an 1 Samhain 2026, tá sí faoi dhliteanas na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) in 2027. Ciallaíonn sé seo go mbeidh do mhaoin faoi dhliteanas CMÁ den chéad uair in 2027:
- más maoin chónaithe nua-thógtha atá inti, a críochnaíodh tar éis an 1 Samhain 2025 agus ar, nó roimh, an 1 Samhain 2026
- nó
- má rinneadh í a áitiú, nó má bhí sí oiriúnach lena úsáid mar áit chónaithe, tar éis an 1 Samhain 2025 agus ar, nó roimh, an 1 Samhain 2026.
Maoine cónaithe nua-thógtha
Má cheannaigh tú, nó má thóg tú maoin chónaithe tar éis an 1 Samhain 2025 agus ar, nó roimh an 1 Samhain 2026, tá sí faoi dhliteanas CMÁ in 2027, más amhlaidh ar 1 Samhain 2026 go bhfuil sí:
- áitithe
- nó
- feiliúnach mar áit chónaithe.
Maoine a tháinig de bheith oiriúnach lena n-úsáid mar áit chónaithe
Féadfaidh sé nach raibh do mhaoin faoi dhliteanas CMÁ más rud é nach raibh sí oiriúnach le húsáid mar áit chónaithe. Mar shampla, níl maoin feiliúnach mar áit chónaithe más amhlaidh nach bhfuil áiseanna slántíochta inti, nó má tá cuid di tite.
Má rinneadh athchóiriú ar a leithéad de mhaoin, áfach, agus anois tá sí oiriúnach le húsáid mar áit chónaithe, tá sé faoi dhliteanas CMÁ. Tá sí faoi dhliteanas CMÁ in 2027, áfach, más amhlaidh ar 1 Samhain 2026 go bhfuil sí:
- áitithe
- nó
- feiliúnach mar áit chónaithe.
Céard is gá duit a dhéanamh
Ní mór duit an méid a leanas a dhéanamh:
- Déan luach do mhaoine nua-dhliteanach a chinneadh amhail an 1 Samhain 2025. Ní mór duit measúnú a dhéanamh ar an luach mar bheadh i bhfeidhm ar do mhaoin, amhail is dá mbeadh sí lánchríochnaithe ar an 1 Samhain 2025.
- Déan do luacháil a thíolacadh mar chuid de do Thuairisceán CMÁ faoin 2 Nollaig 2026.
- Déan socruithe chun do mhuirear CMÁ a íoc le haghaidh 2026.
Tabhair do d'aire
Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim treoir mhionsonraithe ar fáil maidir le luach do mhaoine nua-dhliteanach a chinneadh. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach 'Do mhaoin a luacháil'.
Ní mór duit do mhaoin a chlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim mura raibh sí cláraithe cheana féin chun críocha CMÁ nó dleacht stampa. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Cláraigh maoin le haghaidh na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ).
Má tá do mhaoin cláraithe le haghaidh CMÁ cheana féin, ba chóir duit rochtain a fháil ar do thaifead maoine leis na Coimisinéirí Ioncaim chun na céimeanna thuasluaite a chomhlánú.
Ar aghaidh: Maoine nach bhfuil faoi dhliteanas CMÁ