Dliteanas Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ)

Maoine tráchtála

I gcás maoin tráchtála atá go hiomlán faoi réir rátaí tráchtála agus nach maoin chónaithe í, níl sí faoi dhliteanas CMÁ.

Ní mór duit luacháil maoine féinmheasúnaithe mar aon le Tuairisceán CMÁ a thíolacadh má tá:

  • an mhaoin inúsáid, nó oiriúnach le húsáid mar áit chónaithe
  • agus
  • go hiomlán faoi réir rátaí tráchtála.

Cáilíonn na maoine seo don LPT exemption agus féadtar seo a éileamh ar an Tuairisceán CMÁ. Mar shampla, cháileodh teach lóistín atá go hiomlán faoi réir rátaí tráchtála don díolúine seo.

I gcás maoine a úsáidtear chun críocha tráchtála agus cónaithe, ní bheidh CMÁ dlite ach amháin i leith na coda nach bhfuil faoi réir rátaí tráchtála. Mar shampla, bíonn árasán atá suite os cionn siopa faoi dhliteanas CMÁ más amhlaidh go bhfuil sé feiliúnach, nó úsáidte, mar áit chónaithe agus nach bhfuil sé faoi réir rátaí tráchtála.

Tá maoin tráchtála faoi dhliteanas CMÁ más amhlaidh go bhfuil sí feiliúnach mar áit chónaithe agus nach bhfuil sí faoi réir rátaí tráchtála.

Ar aghaidh: Cé atá faoi dhliteanas CMÁ?