Do Thuairisceán Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a thíolacadh
Léargas ginearálta
Tá eolas ar fáil sa rannán seo faoin gcaoi le do thuairisceán Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a thíolacadh. Is é do thuairisceán CMÁ an fhoirm a úsáideann tú chun banda luachála do mhaoine a dhearbhú do na Coimisinéirí Ioncaim. Tá do mhuirear CMÁ do na blianta 2026 go 2030 bunaithe ar an mbanda luachála a thíolacann tú i do thuairisceán CMÁ.
Má bhí do mhaoin faoi dhliteanas CMÁ in 2026, ba chóir go mbeadh do thuairisceán CMÁ don tréimhse 2026 go 2030 tíolactha agat cheana féin. Mura bhfuil, ba chóir é sin a dhéanamh láithreach.
Má tá tuairisceáin seo tíolactha agat, ní gá duit tuairisceán CMÁ nua a thíolacadh le haghaidh 2027
Tabhair do d'aire
Má tá tuairisceáin amuigh agat do thréimhsí roimhe seo, ba chóir duit iad seo a thíolacadh láithreach. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach 'Eolas faoin gCáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) le haghaidh 2022 go 2025' agus 'Eolas faoin gCáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) le haghaidh 2013 go 2021'.
Maoin a thagann faoi dhliteanas den chéad uair in 2027
Tagann do mhaoin de bheith faoi dhliteanas CMÁ i 2027, más amhlaidh :
- gur maoin chónaithe nuathógtha í a cuireadh i gcrích tar éis an 1 Samhain 2025, agus ar, nó roimh, an 1 Samhain 2026
- nó
- gur tháinig sé de bheith áitithe, nó de bheith feiliúnach le húsáid mar áit chónaithe tar éis an 1 Samhain 2025, agus ar, nó roimh, an 1 Samhain 2026.
Ní mór duit:
- Féinmheasúnú a dhéanamh ar luach do mhaoine atá anois faoi dhliteanas, amhail an dáta luachála 1 Samhain 2025. Ciallaíonn seo go ndéanann tú luach do mhaoine a chinneadh amhail is go raibh sí ann agus lánchríochnaithe ar an 1 Samhain 2025.
- Do luacháil a thíolacadh mar chuid de do thuairisceán CMÁ ar, nó roimh, an 2 Nollaig 2026.
- Déan socrú le do mhuirear CMÁ a íoc.
Chun eolas a fháil ar conas an banda luachála do do mhaoin a chinneadh, féach ‘Do mhaoin a luacháil’.
Ar aghaidh: Do Thuairisceán CMÁ a thíolacadh ar líne
Sínigh isteach ar CMÁ ar líne
Íoc do CMÁ, tíolaic do thuairisceáin nó priontáil d’admháil le haghaidh íocaíocht ar líne.
-
Ábhair ghaolmhara