Do thuairisceán Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a thíolacadh

Meastachán de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ar do dhliteanas CMÁ

Tá meastachán déanta ag na Coimisinéirí Ioncaim ar dhliteanas na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) do do mhaoin. Tar éis duit an tuairisceán CMÁ a thíolacadh, glactar leis an dliteanas CMÁ a chuireann tú ar fáil in ionad an mhéid mheasta. Beidh sé seo bunaithe ar bhanda luachála a chuireann tú féin i bhfeidhm ar an maoin. Dá thoradh sin, tá seans ann narbh ionann an dliteanas measta CMÁ agus an dliteanas ina iomláine. Beidh ceangal ort i gcónaí an Tuairisceán CMÁ a thíolacadh ar an maoin. 

Mura dtíolacann tú do Thuairisceán CMÁ, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an méid seo a leanas:

  • suim an dliteanais mheasta CMÁ a lorg ag baint úsáid as na roghanna éagsúla forfheidhmithe agus bailithe atá ar fáil
  • agus
  • leanfaidh siad orthu ag iarraidh ort do Thuairisceán CMÁ a thíolacadh agus deimhniú i leith luach do mhaoine uait.

D’fhéadfadh daoine dliteanacha a loiceann a dtuairisceáin CMÁ a thíolacadh a bheith faoi réir pionóis €1,000.

Ar aghaidh: Úinéirí maoin iomadúil