Do Thuairisceán Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a thíolacadh

Díolúine ó CMÁ nó iarchur ar íocaíocht a éileamh

Díolúine ó CMÁ a éileamh

Féadtar díolúine a éileamh sa chuid ‘Sonraí Maoine’ den tuairisceán CMÁ.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar na coinníollacha cáilitheacha agus an tréimhse bhailíochta le haghaidh gach díolúine CMÁ, féach Díolúintí na Cánach Maoine Áitiúla do 2026 go dtí 2030.

Má thíolaic tú thuairisceán CMÁ agus bhí tú i dteideal díolúine nár éiligh tú ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim. Ba chóir duit an fhaisnéis seo a leanas a ullmhú:

Féadann na Coimisinéirí Ioncaim eolas breise a iarraidh uait roimh bhailíocht d’éilimh a chinneadh.

Éileamh ar iarchur i leith CMÁ

Mar pháirt de do thuairisceán CMÁ, féadfaidh tú iarchur iomlán nó i bpáirt a éileamh.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar chineálacha iarchurtha agus critéir cháilitheachta, féach Íocaíochtaí Cánach Maoine Áitiúla a iarchur. Má thíolaic tú thuairisceán CMÁ agus bhí tú i dteideal iarchur nár éiligh tú ba chóir duit teagmháil a dhéanamh na gCoimisinéirí Ioncaim. Ba chóir duit an fhaisnéis seo a leanas a ullmhú:

Conas díolúine nó iarchur íocaíochta a éilíodh go mícheart a leasú

Má d'éiligh tú díolúine CMÁ nó iarchur íocaíochta nach bhfuil tú i dteideal a fháil, is féidir leat do thuairisceán CMÁ a cheartú. Féadtar é seo a dhéanamh trí 'Tuairisceán a Leasú' a roghnú ar an tseirbhís CMÁ ar líne. Beidh aon mhuirear CMÁ breise atá dlite faoi réir úis.

Ar aghaidh: Cén chaoi le do Thuairisceán CMÁ a cheartú