Do thuairisceán Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a thíolacadh
Cén chaoi le do Thuairisceán CMÁ a cheartú
Cén chaoi le gearrluacháil maoine a cheartú
Má rinne tú do mhaoin a ghearrluacháil ar do thuairisceán CMÁ, féadfaidh tú athbhreithniú a dhéanamh ar an luacháil agus é a ardú. Féadtar é seo a dhéanamh trí ‘leasaigh Tuairisceán’ a roghnú ar an tSeirbhís CMÁ ar Líne. Ní mór go léireodh do luacháil athbhreithnithe luach margaidh do mhaoine ar an 1 Samhain 2025.
Má dhéanann tú do luacháil maoine a ardú, beidh do luacháil athbhreithnithe i bhfeidhm ar feadh na mblianta uile sa tréimhse luachála. Beidh aon mhuirear breise CMÁ iníoctha agat láithreach agus faoi réir muirir úis.
Cén chaoi le ró-luacháil maoine a cheartú
Má dheimhníonn tú go ndéarna tú ró-luacháil ar do mhaoin, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim. Ní mór go léireodh do luacháil athbhreithnithe luach margaidh do mhaoine ar an 1 Samhain 2025. Ba chóir duit an t-eolas seo a leanas a chur san áireamh i d’iarratas chuig na Coimisinéirí Ioncaim chun do luacháil maoine a leasú:
- an chaoi ar tháinig an ró-luacháil bunaidh aníos
- deimhniú ar an mbanda luachála athbhreithnithe a ndearna tú féinmheasúnú ina leith
- doiciméid chun tacú leis an mbanda athbhreithnithe luachála, inar chóir go n-áireofaí ceann amháin ar a laghad dá bhfuil a leanas:
Féadfaidh tú grianghraif den mhaoin a sholáthar ina léirítear go soiléir na gnéithe a bhfuil tionchar acu ar luacháil níos lú.
Cén chaoi le díolúine nó íocaíocht iarchurtha a éilíodh go mícheart a leasú
Má d’éiligh tú díolúine CMÁ nó íocaíocht iarchurtha nach bhfuil tú i dteideal a fháil, féadfaidh tú do thuairisceán CMÁ a leasú. Féadtar é seo a dhéanamh trí 'Leasaigh Tuairisceán' a roghnú ar an tSeirbhís CMÁ ar Líne. Féadfaidh sé go mbeidh aon mhuirear breise CMÁ faoi réir muirir úis.
Ar aghaidh: Neamhchónaitheoirí