Do thuairisceán Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a thíolacadh

Do thuairisceán CMÁ a thíolacadh ar líne

Is é an bealach is éasca chun do Thuairisceán Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a thíolacadh ná ar líne. Beidh ort rochtain a fháil ar do Thaifead Maoine de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim chun do thuairisceán CMÁ a thíolacadh ar líne.

Tabhair do d'aire

Ní mór duit do mhaoin a chlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim mura bhfuil sí cláraithe roimhe seo le haghaidh CMÁ nó Dleachta Stampa. D'fhéadfadh feidhm a bheith leis seo, más rud é, mar shampla, go bhfuil do mhaoin nua-thógtha nó athchóirithe. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Maoin a chlárú le haghaidh na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ).

Cúnamh le do thuairisceán CMÁ a thíolacadh ar-líne

Tugtar míniú san fhíseán gairid seo ar cén chaoi le do thuairisceán CMÁ a thíolacadh ar-líne.

 

Féadtar teacht ar an tairseach CMÁ ar líne trí moChúrsaí trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) freisin.

Ar aghaidh: Meastachán de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ar do dhliteanas CMÁ