Dliteanas Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ)

Do thaifead maoine leis na Coimisinéirí Ioncaim

Má tá tú faoi dhliteanas na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ), ba chóir taifead maoine leis na Coimisinéirí Ioncaim a bheith agat.

Sannann na Coimisinéirí Ioncaim Uimhir Aitheantais Maoine chuig gach maoin chónaithe chun críocha CMÁ. Sanntar UAP do gach duine atá faoi dhliteanas CMÁ.

Chun rochtain ar do thaifead maoine, féadfaidh tú do shonraí reatha logála isteach seo le haghaidh moChúrsaí nó Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a úsáid.

De rogha air sin, féadfaidh tú logáil isteach ar an tseirbhís CMÁ ar líne go díreach. Beidh an méid seo a leanas ag teastáil uait:

Tá Uimhir Aitheantas do Mhaoine agus do UAP ar fáil i ngach comhfhreagras CMÁ a fhaigheann tú ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Mura bhfuil Uimhir Aitheantas do Mhaoine ná do UAP agat, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh iad a sheoladh chugat tríd an tseirbhís CMÁ ar líne.  

Maoin a chlárú le haghaidh CMÁ

Ní mór duit do mhaoin a chlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim mura raibh tú cláraithe roimhe seo chun críche CMÁ nó dleacht stampa. 

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Maoin a chlárú le haghaidh na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ).

Uimhreacha Pearsanta Seirbhísí Poiblí (USPS ) dár críoch W

San am atá thart, bhíodh ar mhná le hUPSP a fir chéile a ghlacadh uirthi féin ar phósadh di, agus chuireadh W ar chríoch na huimhreach. Cuir i gcás, más 1234567A USPS an fhir, bheadh ar a bhean an uimhir 1234567AW a ghabháil uirthi féin ar phósadh di. 

Cuireadh deireadh leis an nós seo sna 1990í. Tá daoine ann i gcónaí, áfach, atá ag úsáid na n-uimhreacha W go fóill. Más tú duine de na daoine seo, beidh ort ceann eile a fháil chun críche CMÁ. Tá tuilleadh eolas ar fáil ach gabháil chuig Uimhir Phearsanta Seirbhísí Poiblí (USPS).