Dliteanas Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ)

Cé atá faoi dhliteanas CMÁ?

Braitheann do dhliteanas i leith Cánach Maoine Áitiúil ar do cheangal leis an maoin Féach na catagóirí thíos chun a fháil amach más tusa an duine dliteanach i leith maoine.

Úinéir nó comhúinéirí

Tá tú faoi dhliteanas CMÁ más úinéir, nó comhúinéir maoine cónaithe thú. Tá tú dliteanach is cuma mura bhfuil cónaí ort sa mhaoin de ghnáth.

Iarrtar ar chomhúinéirí ceann amháin de na comhúinéirí a ainmniú mar an duine dliteanach ainmnithe. 

Duine dliteanach ainmnithe is ea an duine atá freagrach as Tuairisceáin CMÁ a thíolacadh agus íocaíochtaí a dhéanamh thar ceann:

  • gach comhúinéir i gcás gur le níos mó ná duine amháin maoin chónaithe
  • cuideachtaí nó eintitis eile ar leo maoine chónaithe.

Seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim gach comhfhreagras don mhaoin don duine dliteanach ainmnithe. Más mian le comhúinéirí maoine a ainmniúchán don duine dliteanach ainmnithe, ba chóir dóibh teagmháil a dhéanamh le Brainse CMÁ na gCoimisinéirí Ioncaim

Mura n-íoctar an muirear CMÁ, féadann na Coimisinéirí Ioncaim an CMÁ dlite a bhailiú ó aon cheann de na comhúinéirí.

Tionóntaí agus sealbhóirí léasanna

Más tionónta thú a íocann cíos agus tá léas ar feadh thréimhse nach mó ná 20 bliain agat níl tú faoi dhliteanas CMÁ. Má tá léas agat ar feadh thréimhse 20 bliain nó níos mó, tá tú faoi dhliteanas CMÁ.

Má tá maoin agat ar cíos ó d’údarás áitiúil, níl tú faoi dhliteanas CMÁ. 

Maoin ar léas le hÚdaráis Áitiúla agus le comhlachtaí tithíochta ceadaithe

Má léasaíonn tú do mhaoin le hÚdarás Áitiúil nó Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe tá tú faoi dhliteanas CMÁ.

Feidhmeofar sé seo má tá léas ar feadh thréimhse nach mó ná 20 bliain nó a rinneadh ar an 22 Iúil 2021 nó dá éis agat.

Ceart chun cónaitheachta nó leas saoil

Tá tú faoi dhliteanas CMÁ ar mhaoin más rud é:

  • go bhfuil ceart saoil nó ceart 20 bliain nó níos mó agat chun cónaí i maoin
  • agus
  • go bhfuil an ceart chun cónaí sa mhaoin agat ‘d’eisiamh gach duine eile’.

Má tá léas eile saoil agat i maoin, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh linn chun do stádas a shoiléiriú chun críocha CMÁ. 

Ionadaithe pearsanta:

Más ionadaithe pearsanta sibh d’úinéirí maoine éagtha, tá sibh faoi dhliteanas CMÁ. Mar shampla, seiceadóir nó riarthóir eastáit.

Iontaobhaithe

Más iontabhaí thú sa chás go bhfuil an mhaoin á choinneáil in iontaobhas, tá tú faoi dhliteanas CMÁ.

I gcás nach mbaineann aon cheann díobh thuas liom

Is tusa an duine dliteanach do CMÁ más rud é:

  • nach mbaineann aon cheann de na catagóirí thuas liom
  • go háitíonn tú an mhaoin ar bhonn saor ó chíos
  • nach bhfuil agóid i leith d’áitimh sa mhaoin
  • agus
  • nach bhfuil aon duine dliteanach ainmnithe eile.

Ar aghaidh: Má cheapann tú nach bhfuil tú faoi dhliteanas CMÁ