Dliteanas Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ)

Léargas ginearálta

Is é an dáta dlite le haghaidh CMÁ gach bliain ná an 1 Samhain. Más maoin chónaithe do mhaoin ar an dáta dliteanais, beidh sí faoi dhliteanas CMÁ don bhliain dá éis. Mar shampla, más maoin chónaithe a í do mhaoin ar 1 Samhain 2026, tá sí faoi dhliteanas CMÁ do 2027.

Más tusa an duine dliteanach i leith na maoine ar an dáta dliteanais, is tú atá freagrach as an muirear CMÁ don bhliain dár gcionn. Be chóir duit an t-eolas sa rannán seo a léamh le fáil amach an bhfuil tú féin agus do mhaoine faoi dhliteanas CMÁ.

Tabhair do d’aire

Má thagann do mhaoin de bheith faoi dhliteanas CMÁ den chéad uair in 2027, ní mór duit do thuairisceán CMÁ a chur isteach faoin 2 Nollaig 2026. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach 'Maoine a thagann de bheith faoi dhliteanas CMÁ'.

Díolúintí CMÁ

Tá díolúintí áirithe ar fáil ón muirear CMÁ. Le haghaidh tuilleadh eolais,féach ar D'íolúintí na Cánach Maoine Áitiúla.

Ar aghaidh: Maoine cónaithe atá faoi dhliteanas CMÁ