Dliteanas Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ)

Maoine nach bhfuil faoi dhliteanas CMÁ

Chun críocha na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ), is maoin chónaithe í foirgneamh (nó struchtúir) atá feiliúnach mar áit chónaithe.

Tá maoine cónaithe áirithe nach bhfuil faoi dhliteanas na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ).

Maoine nach bhfuil feiliúnach mar áit chónaithe

Níl maoin faoi dhliteanas CMÁ, más rud é ar 1 Samhain na bliana roimhe sin, go raibh:

  • an mhaoin mí-oiriúnach le húsáíd mar áit chónaithe
  • agus
  • neamháitithe mar áit chónaithe.

Ba chóir duit na critéir seo a leanas a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanmh an bhfuil do mhaoin mí-oiriúnach mar áit chónaithe:

  • An bhfuil an mhaoin slán ó thaobh struchtúir de?
  • Ar thit aon chuid den mhaoin?
  • An bhfuil an taobh istigh den mhaoin fágtha gan cosaint ón aimsir?
  • An bhfuil díon iontaofa ar an maoin?
  • An bhfuil áiseanna slántaíochta ag an maoin?
  • An bhfuil soláthar uisce ag an maoin?
  • An bhfuil soláthar leictreachais ceangailte leis an maoin?

Ní chiallaíonn sé go meastar go bhfuil maoin mí-oiriúnach le húsáid mar áit chónaithe más rud é go bhfuil soláthar uisce nó leictreachais múchta nó dícheangailte go sealadach.

Má cheapann tú go bhfuil do mhaoin mí-fheiliúnach le húsáid mar áit chónaithe, ní mór duit Na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas. Ba chóir duit, amhail 1 Samhain, an dá rud a leanas i leith do mhaoine a dheimhniú:

  • mí-oiriúnach le húsáid mar áit chónaithe
  • agus
  • neamháitithe mar áit chónaithe.

Ba chóir duit doiciméid tacaíochta a léiríonn go soiléir nach bhfuil an mhaoin fheiliúnach le húsáid mar áit chónaithe a chur ar fáil. Le haghaidh tuilleadh eolais ar Dhoiciméid Tacaíochta, féach 'Doiciméad' thíos.

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh ansin mar gheall ar dhliteanas CMÁ do mhaoine agus cuirfidh siad an cinneadh in iúl duit. Mura n-aontaíonn tú leis an gcinneadh céanna, féadfaidh tú achomharc a thíolacadh chuig an Tax Appeals Commission (TAC).

Maoine nach bhfuil oiriúnach le húsáid mar áit chónaithe

Ní mór duit Na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas más amhlaidh go raibh do mhaoine faoi dhliteanas CMÁ roimhe seo, ach nach bhfuil feiliúnach mar áit chónaithe a thuilleadh. Ba chóir duit, amhail 1 Samhain, an dá rud a leanas i leith do mhaoine a dheimhniú:

  • mí-oiriúnach le húsáid mar áit chónaithe
  • agus
  • neamháitithe mar áit chónaithe.

Ní bheidh maoin chónaithe faoi dhliteanas CMÁ más rud é go bhfuil sí ar an 1 Samhain gach bliain:

  • mí-oiriúnach le húsáid mar áit chónaithe
  • agus
  • neamháitithe mar áit chónaithe.

Mar shampla, má bhí do mhaoin mí-oiriúnach agus neamháitithe mar áit chónaithe ar 1 Samhain 2025, níl sí faoi dhliteanas CMÁ in 2026.

Doiciméad

Ba chóir duit doiciméid tacaíochta cuí a chur ar fáil le d’fhógra, mar shampla:

  • tuairiscí innealtóirí
  • tuairiscí ailtirí
  • grianghraif.

Ní mór go léireofaí go soiléir sna doiciméid nach bhfuil an mhaoin feiliúnach le húsáid mar áit chónaithe.

Le haghaidh eolais ar cén áit le d’fhógra agus do chuid doiciméad a sheoladh, féach an rannán Déan teagmháil linn.

Tabhair do d’aire

Má thagann do mhaoin de bheith oiriúnach mar áit chónaithe, féach an leathanach ‘maoine atá faoi dhliteanas CMÁ’.

Impleachtaí Dleachta Stampa i leith maoin thréigthe a dhíol

Níl maoin thréigthe faoi dhliteanas CMÁ. Mar sin féin, d'fhéadfadh impleachtaí Dleachta Stampa a bheith ann nuair a bhíonn teach tréigthe á cheannach nó á dhíol. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach:

Tithe soghluaiste, feithiclí agus soithí

Níl tithe soghluaiste, feithiclí ná soithí (báid) faoi dhliteanas CMÁ. Áirítear leis seo struchtúir nach bhfuil ceangailte go buan leis an talamh.

Maoine taidhleoireachta

Ní bhaineann CMÁ le maoine áirithe a úsáidtear chun críocha taidhleoireachta. Níl feidhm ag CMÁ i gcás maoine atá:

  • faoi úinéireacht nó ar léas ar feadh tréimhse níos faide ná 20 bliain, ag Stát eile nó ag Ambasadóir
  • agus
  • a úsáidtear chun críocha misin taidhleoireachta.

Chun tuilleadh treorach mhionsonraithe a fháil, féach Local Property Tax: Part 02-00 Properties used for diplomatic purposes

Ar aghaidh: Maoine a thagann de bheith faoi dhliteanas CMÁ