Maoin a dhíol, a cheannach nó a aistriú
Tá maoin á díol agat
Céard ba chóir duit a dhéanamh roimh dhíol a dhúnadh?
Sula gcruirtear aon díolachán nó aistriú maoine i gcrích, ní mór duit a chinntiú go bhfuil an mhaoin comhlíontach leis an gCáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ), agus go bhfuil imréiteach na gCoimisinéirí Ioncaim in ord. Roimh an díol a dhúnadh, ba chóir duit:
- Aon tuairisceáin CMÁ amuigh a thíolacadh.
- Aon cháin, ús agus pionóis amuigh a íoc. Áirítear leis seo aon riaráistí i leith an Mhuirir Teaghlaigh (MT).
- Déan do mheas an bhfuil aon luacháil maoine a dearbhaíodh réasúnta agus macánta.
- Déan aon tuairisceán a fhéincheartú ina ndearna tú ganndearbhú ar aon luacháil ábhartha. Ní mór duit aon chánacha breise agus ús atá dlite a íoc.
- Déan cinnte go bhfuil aon díolúine a d'éiligh tú fíoraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim. Mura bhfuil do dhíolúine fíoraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar na Coimisinéirí Ioncaim ar fhíorú sular féidir an mhaoin a dhíol nó a aistriú. Ní mór duit doiciméid tacaíochta do dhíolúine a choinneáil.
- Má rinneadh d’éileamh ar dhíolúine go mícheart, ní mór duit:
- do Thuairisceán CMÁ a leasú
- an díolúine a bhaint
- agus
- na muirir CMÁ amuigh a íoc, chomh maith leis an ús dlite.
- Má tá iarchur i bhfeidhm ar do mhaoin, ní mór duit:
- cinntiú go gcomhlíonann tú na coinníollacha le haghaidh aon íocaíochtaí iarchurtha agus cruthúnas incháilitheachta a choinneáil
- agus
- na muirir Dleachta Stampa agus aon ús dlite a íoc.
Nuair a bheidh na céimeanna thuas déanta agat, ba chóir duit a mheas an mbaineann imréiteach, ginearálta nó sonrach, leis an díolachán. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach 'Céard is imréiteach ó na Coimisinéirí Ioncaim ann?
Ba chóir duit an t-eolas seo a leanas a sholáthar don cheannaitheoir nó do dhlíodóir an cheannaitheora, chun a dheimhniú go bhfuil feidhm ag imréiteach na gCoimisinéirí Ioncaim:
- Uimhir aitheantais na maoine.
- Banda(í) luachála na maoine, nó an luacháil, na luachálacha iarbhír a dearbhaíodh ar an tuairisceán, na tuairisceáin ábhartha CMÁ.
- Cóip den Achoimre ar Stair Maoine, atá ar fáil trí CMÁ ar líne. Léirítear sa cháipéis seo an ndearnadh tuairisceáin ábhartha CMÁ a thíolacadh agus na dliteanais a íoc. Taispeánann sé freisin an luacháil, na luachálacha a dhearbhaítear ar an tuairisceán, ar na tuairisceáin CMÁ.
- Sonraí faoi aon éileamh ar dhíolúine, agus cruthúnas go bhfuil an díolúine fíoraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.
- Sonraí an imréitigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a fuarthas.
- Más rud é nach é seo an chéad díol ó 2013, ní mór don díoltóir sonraí a sholáthar i dtaca le haon imréiteach i leith an díola roimhe.
Tabhair do d'aire
Má tá do mhaoin á dhíol agat, ní mór duit aon CMÁ amuigh a íoc sula gcuirtear an díolachán i gcrích. D'fhéadfadh sé go dtógfadh sé suas le 72 uair an chloig chun íocaíochtaí a phróiseáil.
Tá maoin thréigthe á díol agat - Impleachtaí Dleachta Stampa
Meastar gur maoine cónaithe iad maoine áirithe chun críocha Dleachta Stampa fiú mura bhfuil siad faoi dhliteanas CMÁ. Mar shampla, teach tréigthe. Cé go mb'fhéidir nach mbeidh teach tréigthe faoi dhliteanas CMÁ, tá sé faoi réir Dleachta Stampa ag an ráta cónaithe.
I gcásanna den sórt sin, ceanglaítear ar an díoltóir Aitheantas Maoine CMÁ a fháil sula ndíoltar an mhaoin Ní mór don díoltóir doiciméid tacaíochta a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim mar chruthúnas gur maoin tréigthe atá ann. D'fhéadfadh sé go n-áireofaí leis seo, mar shampla:
- tuairiscí innealtóirí
- tuairiscí ailtirí
- agus
- grianghraif.
Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim athbhreithniú ar na doiciméid seo agus eiseofar Uimhir Aitheantais Maoine. Ní mór an Aitheantas Maoine a sholáthar don cheannaitheoir. Beidh an t-aitheantas Maoine ag teastáil ón gceannaitheoir chun a Thuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh sa chás go bhfuil an ráta cónaithe Dleachta Stampa i bhfeidhm.
Ar aghaidh: Tá maoin á ceannach agat