Maoin a dhíol, a cheannach nó a aistriú
Tá maoin á ceannach agat
Is muirear ar an maoin í an Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ). Nuair atá maoin á ceannach agat, tá sé tábhachtach a chinntiú nach bhfuil tú ag glacadh le haon dliteanais CMÁ neamhíoctha ón díoltóir. Nuair a thagann tú de bheith i d'úinéir maoine agus tá muirear CMÁ gan íoc ag an maoin, is tusa an duine atá faoi dhliteanas i leith an mhuirir sin.
Chinn an luacháil na maoine ar 1 Bealtaine 2013 an muirear CMÁ le haghaidh na mblianta 2013 go 2021. Chinn an luacháil ar 1 Samhain an muirear CMÁ le haghaidh na mblianta 2022 go 2025. Cinnfidh an luacháil ar 1 Samhain 2025 an muirear CMÁ le haghaidh na mblianta 2026 go dtí 2030.
Ní mór d'aon luacháil a dhearbhaítear a bheith réasúnta.
Céard ba chóir duitse nó do do dhlíodóir a dhéanamh roimh an díol a dhúnadh?
Roimh an díol a dhúnadh, ba chóir duitse nó do do dhlíodóir:
- Eolas cuí agus doiciméid tacaíochta a fháil ón díoltóir. Áirítear leis seo an Achoimre ar Stair na Maoine, Uimhir Aitheantais maoine, an banda luachála nó an luacháil, an bonn lena ndearnadh an luacháil, agus sonraí maidir le haon díolúine a éilíodh.
- Seiceáil an bhfuil aon cháin, ús nó pionóis amuigh i ndáil leis an maoin sin. Gearrfar ús ar aon cháin neamhíoctha agus fanfaidh sé mar mhuirear ar an maoin go n-íoctar é. Ba chóir duit a chinntiú go bhfuil na dliteanais go léir íoctha ag an díoltóir roimh a chríochaítear an díola.
- Déan cinnte nach bhfuil aon iarchur ar taifead.
- Cinntigh go bhfuil an Muirear Teaghlaigh (MT) íoctha ina iomláine.
- Cinntigh go bhfuil aon díolúine a éilíodh i leith na maoine fíoraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.
- Déan do mheas an ndearnadh dearbhú luachála na maoine go réasúnach agus go hionraic. Ba chóir don cheannaitheoir nó do dhlíodóir an cheannaitheora aghaidh a thabhairt ar aon cheisteanna roimh an díol a dhúnadh.
- Cinntigh go gcuireann an díoltóir cóip de na cáipéisí imréitigh ábhartha ó na Coimisinéirí Ioncaim ar fáil duit. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach 'Céard is imréiteach ó na Coimisinéirí Ioncaim ann'.
Tabhair do d'aire
Más rud é nach é seo an chéad díol ó 2013, ní mór don díoltóir sonraí a sholáthar i dtaca le haon imréiteach i leith an díola roimhe.
Maoin thréigthe á cheannach agat - Impleachtaí Dleachta Stampa
Meastar gur maoine cónaithe iad maoine áirithe chun críocha Dleachta Stampa fiú mura bhfuil siad faoi dhliteanas CMÁ. Mar shampla, teach tréigthe. Cé go mb'fhéidir nach mbeidh teach tréigthe faoi dhliteanas CMÁ, tá sé faoi réir Dleachta Stampa ag an ráta cónaithe.
Féadfaidh tú maoin a cheannach nach bhfuil faoi dhliteanas CMÁ, ach atá faoi réir Dleachta Stampa ag an ráta cónaithe. Más amhlaidh, ní mór duit a chinntiú go dtugann an díoltóir Aitheantas Maoine CMÁ duit sula gcríochaítear an díolachán. Beidh Aitheantais Maoine CMÁ de dhíth ort chun do Thuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh.
Mura bhfuil Uimhir Aitheantais Maoine ag an maoine, ba chóir duit iarraidh ar an díoltóir teagmháil a dhéanamh leis an mBrainse CMÁ. Ba chóir don díoltóir a mhíniú don Brainse CMÁ go dteastaíonn an uimhir chun an Tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh.
Le tuilleadh eolais a fháil maidir le Dleacht Stampa, féach ar Céard is Dleacht Stampa ann.
Tar éis an díol a chríochnú
Féadfaidh sé go measann tú nach bhfuil luacháil a dhearbhaigh an díoltóir nó an t-úinéir roimhe seo réasúnta. Má cheapann tú gur chóir don luacháil a bheith níos airde nó níos ísle, ba chóir duit na sonraí seo a leanas a chur faoi bhráid an Bhrainse CMÁ:
- Uimhir aitheantais na maoine.
- Seoladh na maoine.
- Do mheasúnú féin ar bhanda luachála nó ar luach inmhuirir na maoine ar 1 Bealtaine 2013 agus, nó ar 1 Samhain 2024, agus, nó ar 1 Samhain 2025.
- agus
- Ní mór duit cáipéisí tacaíochta a sholáthar le do luacháil.
Ar aghaidh: Tá maoin á haistriú agat