Maoin a dhíol, a cheannach nó a aistriú

Tá maoin á ceannach agat ó Údarás Áitiúil

Faoin reachtaíocht Cháin Maoine Áitiúil (CMÁ), íocann Údaráis Áitiúla CMÁ ar a gcuid maoine cónaithe bunaithe ar Bhanda luachála 1, beag beann ar luach na maoine.

Má cheannaítear maoin ó Údarás Áitiúil, ní theastaíonn imréiteach, ginearálta ná sonrach, ó na Coimisinéirí Ioncaim. Mar sin féin, b'fhéidir go n-iarrfar ort luacháil CMÁ do mhaoine a nuashonrú.

Is fútsa atá sé banda luachála do mhaoine a chinneadh. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le féinmheasúnú a dhéanamh ar luach do mhaoine le haghaidh CMÁ, féach Do mhaoin a luacháil.

Má chinneann tú nach bhfuil Banda luachála 1 i bhfeidhm a thuilleadh ar an maoin a cheannaigh tú ó Údarás Áitiúil, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an mBrainse CMÁ. Beidh ort an méid seo thíos a chur ar fáil:

Ar aghaidh: Breis agus maoin chónaithe amháin a cheannach, a dhíol nó a aistriú