Maoin a dhíol, a cheannach nó a aistriú

Céard is imréiteach ó na Coimisinéirí Ioncaim ann?

Ní mór duit imréiteach a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim ar dhíol nó aistriú maoine. Le h-imréiteach na gCoimisinéirí Ioncam, deimhnítear go bhfuil an mhaoin go hiomlán comhlíontach ó thaobh na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) de.

Tá dhá chineál imréiteach na gCoimisinéirí Ioncam ann:

  1. Imréiteach ginearálta.
  2. Imréiteach sonrach.

Ní cháilíonn an mhaoin le haghaidh imréiteach ginearálta nó sonrach sa chás go bhfuil:

  • dliteanas CMÁ amuigh nó iarchurtha, nó go bhfuil dliteanais Mhuirir Teaghlaigh (MT) amuigh
  • tuairisceáin CMÁ amuigh.

Is é an bealach is éasca duitse (an díoltóir) chun é seo a sheiceáil ná trí logáil isteach ar CMÁ ar líne chun athbhreithniú a dhéanamh ar do thaifid CMÁ.

Imréiteach ginearálta

Ciallaíonn imréiteach ginearálta nach bhfuil ort iarratas a thíolacadh chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Bíonn imréiteach ginearálta i bhfeidhm má chomhlíontar cibé acu Coinníoll 1 nó Coinníoll 2 atá leagtha amach thíos.

Coinníoll 1

Tá an praghas díola €400,000 nó níos lú i leith maoine atá lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.

Tá an praghas díola €500,000 nó níos lú i leith maoine i mBaile Átha Cliath.

Coinníoll 2

Ní sháraíonn an praghas díola:

  • 25% d'uasteorainn an bhanda luachála a dearbhaíodh amhail an 1 Samhain 2021
  • 25% níos airde ná an luacha iarbhír a dhearbhaítear i leith maoine os cionn Bhanda 19.

Is é an 1 Samhain 2025 an dáta luachála CMÁ don tréimhse 2026 go 2030. Ceanglaítear ar úinéirí maoine banda luachála a gcuid maoine a chinneadh ar an dáta seo agus an luacháil seo a thíolacadh ar a dtuairisceán CMÁ. Tá an tuairisceán seo dlite faoin 7 Samhain 2025.

Sa chás go ndíoltar nó go n-aistrítear maoin tar éis an 1 Samhain 2025, is é an díoltóir an duine atá faoi dhliteanas CMÁ don bhliain 2026. Ní mór don díoltóir an tuairisceán CMÁ don mhaoin a thíolacadh agus an muirear CMÁ a íoc do 2026 sula gcuirtear an díolachán nó an t-aistriú i gcrích.

Tabhair do d'aire

Ba chóir don díoltóir a chinntiú go léiríonn an banda luachála a dhearbhaíodh an 1 Samhain 2025 praghas 'díola comhaontaithe' na maoine.

Roimh dhíol na maoine, féadfaidh tú (an díoltóir) imréiteach ginearálta a fháil trí rochtain a fháil ar an tseirbhís CMÁ ar líne trí úsáid a bhaint as:

Ba chóir duit an Achoimre ar Stair na Maoine a phriontáil ón tSeirbhís CMÁ ar líne chun a dheimhniú nach bhfuil aon dliteanas ná tuairisceáin amuigh. Féadtar é sin a úsáid mar dheimhniú go bhfuil an maoin comhlíontach ó thaobh CMÁ de.

Má d’éiligh tú díolúine ón CMÁ, beidh sé sin le feiceáil san Achoimre ar Stair na Maoine. Ní mór duit a chinntiú go ndéanann na Coimisinéirí Ioncaim aon díolúine a éilítear a fhíorú, sular féidir an maoin a dhíol nó a aistriú.

Imréiteach sonrach

Mura gcomhlíonann tú Coinníoll 1 nó Coinníoll 2, ní mór duit iarratas ar imréiteach sonrach a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Féadtar iarratas a dhéanamh ar imréiteach sonrach trí Fhoirm LPT5 a chomhlánú. Ar an bhfoirm seo, ní mór duit an méid seo a leanas a chur ar fáil:

  • sonraí na luachála maoine a dearbhaíodh ar an 1 Samhain 2021
  • agus
  • faisnéis agus doiciméid ábhartha chun tacú leis an luacháil a dearbhaíodh.

Féadtar d’fhoirm a thíolacadh trí M’Fhiosruithe nuair a logálann tú isteach ar líne tríd an Tairseach CMÁ.

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim athbhreithniú ar d'iarratas an iarratas LPT5 agus eisíonn siad cinneadh ar cibé imréiteach sonrach a dheonú.

Ní gá don díoltóir imréiteach sonrach a fháil i ndáil leis an luacháil a dearbhaíodh amhail an 1 Bealtaine 2013. Mar sin féin, i gcásanna áirithe, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim tuilleadh faisnéise a iarraidh maidir leis an luacháil seo, mar chuid d'imréiteach sonrach.

Má tá imréiteach sonrach eisithe ag na Coimisinéirí Ioncaim maidir leis an dáta luachála 1 Samhain 2021, níl aon ghníomh eile ag teastáil. Clúdaíonn an t-imréiteach seo gach tréimhse.

De ghnáth, próiseáiltear iarratais ar imréiteach sonrach laistigh de 12 lá oibre. Ná déan teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim go dtí go mbeidh an t-am seo istigh.

Ar aghaidh: Doiciméid imréitigh do dhíolacháin roimhe seo