Maoin a dhíol, a cheannach nó a aistriú

Breis agus maoin chónaithe amháin a cheannach, a dhíol nó a aistriú

B'fhéidir go bhfuil tú ag ceannach, ag díol, nó ag aistriú níon mó ná maoin chónaithe amháin. B'fhéidir nár luadh sonraí na maoin cónaithe atá i gceist ar an tuairisceán Dleachta Stampa. Murar luadh, ní mór duit an Brainse Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a chur ar an eolas maidir le gach aon maoin ar an Teimpléad uaslódála bulc.

Cé dó an tseirbhís seo?

Féadtar an tseirbhís seo a úsáid má tá tú:

  • ag ceannach, ag díol nó ag aistriú roinnt maoin cónaithe in Éirinn ar leat iad
  • má tá do ghníomhaire nó duine aonair ag gníomhú thar ceann úinéir na maoine in Éirinn.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an Teimpléad uaslódála bulc a bheith comhlánaithe agat. Ba chóir duit an teimpléad a shábháil faoin uimhir aitheantais doiciméid don Dleacht Stampa.

Is gá duit a bheith cláraithe le haghaidh Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) nó moChúrsaí chun úsáid a bhaint as an tseirbhís seo.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís trí moChúrsaí, ach na céimeanna seo a leanúint:

  1. Cliceáil ar ‘M’Fhiosruithe’ sa rannán ‘Bainistigh Mo Thaifead’.
  2. Cliceáil ar ‘Cuir Fiosrú Nua Leis’.
  3. Cuir isteach an t-aitheantas doiciméid ón tuairisceán dleachta stampa in ‘Mo Thagairt (roghnach)’ nó in ‘Sonraí an Fhiosraithe’.
  4. Faoi ‘Ceangail Eolas Tacaíochta’, roghnaigh ‘comhad comhlánaithe le huaslódáil’
  5. Deimhnigh do sheoladh ríomhphoist.
  6. Roghnaigh ‘Seol an Fiosrú’ ag an mbun ar dheis den scáileán.


Féadtar teacht ar an tseirbhís trí ROS, ach na céimeanna seo a leanúint:

  1. Faoin gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’, cliceáil ar ‘Seirbhísí Eile’.
  2. Roghnaigh ‘Cuir Fiosrú Nua Leis’.
  3. Roghnaigh ‘Baineann m’Fhiosrú le’ agus cuir isteach ‘Cáin Mhaoine Áitiúil’
  4. Roghnaigh ‘Agus níos beaichte’ agus uaslódáil do liosta maoin cónaithe.
  5. Cuir isteach an t-aitheantas doiciméid ón tuairisceán dleachta stampa in ‘Mo Thagairt (roghnach)’ nó in ‘Sonraí an Fhiosraithe’.
  6. Faoi ‘Ceangail Eolas Tacaíochta’, roghnaigh ‘comhad comhlánaithe le huaslódáil’
  7. Roghnaigh ‘Seol an Fiosrú’ ag an mbun ar dheis den scáileán.