Maoin a dhíol, a cheannach nó a aistriú

Léargas ginearálta

Nuair atá maoin á díol, á ceannach nó á haistriú, tá dualgais áirithe ar an díoltóir agus ar an gceannaitheoir araon. Ní mór go bhfuil imréiteach Cánach Maoine Áitiúil (CMÁ) i bhfeidhm roimh:

  • chríochnú an díola
  • aistriú na maoine.

Ní mór don díoltóir agus don cheannaitheoir a chinntiú go bhfuil na dualgais CMÁ uile comhlíonta sula gcríochnaítear an díolachán. Ciallaíonn sé seo gur gá do gach tuairsceán CMÁ a bheith tíolactha agus nach mór d'íocaíochtaí CMÁ a bheith cothrom le dáta. Is féidir leat do thaifead CMÁ a sheiceáil trí CMÁ ar líne.

Más tú an duine dliteanach i dtaca le maoin ar an dáta dlite (1 Samhain), tá tú faoi dhliteanas an CMÁ a íoc don bhliain ina dhiaidh.

Is muirear ar an maoin chónaithe é aon dliteanas CMÁ neamhíoctha. Is muirear ar an maoin freisin aon muirear úis CMÁ nó pionós a chuirtear i bhfeidhm. Fanann an muirear seo ar an maoin go dtí go n-íoctar é ina iomláine. Ní mór do dhíoltóirí agus do cheannaitheoirí araon na céimeanna atá molta san alt seo a leanúint. Déantar é seo chun a chinntiú go bhfuil an mhaoin comhlíontach le CMÁ agus nach bhfuil sí faoi réir muirir CMÁ neamhíoctha.

Tabhair do d'aire

Le haghaidh treoir mhionsonraithe, féach an Tax and Duty Manual Part 11-01 LPT clearance on the sale or transfer of residential properties.

Ar aghaidh: Tá maoin á díol agat