Maoin a dhíol, a cheannach nó a aistriú
Doiciméid imréitigh do dhíolacháin roimhe seo
Murab é seo an chéad uair a díoladh an mhaoin ó 2013, ba chóir go mbeadh cáipéisíocht imréitigh ag an díoltóir ón díolachán roimhe seo. Ní mór don díoltóir na doiciméid seo a chur ar fáil don cheannaitheoir.
Ba cheart don cheannaitheoir na doiciméid imréitigh seo a choinneáil mar go mbeidh siad le cur ar fáil d'aon cheannaitheoirí amach anseo má dhíoltar nó má aistrítear an mhaoin arís.
Sa chás nár cloíodh le coinníollacha imréitigh ginearálta don díolachán roimhe seo, bhí sé do cheart go mbeadh imréiteach sonrach a iarrtha ó na Coimisinéirí Ioncaim. I gcás an díoltóra reatha:
- mura bhfuil cóip den cheadú imréitigh shonraigh don díolachán roimhe seo ag an díoltóir
- agus
- mura gcáilíonn an mhaoin anois le haghaidh imréiteach ginearálta
ba chóir don díoltóir Iarratas ar imréiteach sonrach a thíolacadh chuig an mBrainse Cháin Maoine Áitiúil (CMÁ).
Sa chás go gcomhlíontar coinníollacha sonracha imréitigh, eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim deimhniú imréitigh a chlúdaíonn na blianta go léir. Le himréiteach ó na Coimisinéirí Ioncaim, clúdaítear tréimhsí ó 2012 suas le dáta an imréitigh.
Tabhair do d'aire
De ghnáth, próiseáiltear iarratais ar imréiteach sonrach laistigh de 12 lá oibre. Ná déan teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh nuashronraithe mura bhfuil an tréimhse ama seo caite.
Ar aghaidh: Tá maoin á ceannach agat ó Údarás Áitiúil