Dliteanas Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ)

Maoine cónaithe atá faoi dhliteanas CMÁ

Tá maoin chónaithe faoi dhliteanas CMÁ más rud é go raibh sí ar an 1 Samhain gach bliain:

  • áitithe mar áit chónaithe, fiú má tá sí i ndroch-chuí.
  • nach bhfuil sí áitithe ach atá oiriúnach le húsáid mar áit chónaithe

Féadfaidh sé go bhfuil roinnt maoin chónaithe ar leithligh taobh istigh d’aon fhoirgneamh amháin, amhail árasáin. Ba chóir caitheamh le gach áit chónaithe ar leithligh mar mhaoin chónaithe ar leithligh a thabhaíonn dliteanas CMÁ ar leithligh. Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil, féach TDM Part 01-01 Meaning of a 'residential property'

Ar aghaidh: Maoine nach bhfuil faoi dhliteanas CMÁ