Maoin a chlárú le haghaidh na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ)
Féadtar an tseirbhís seo a úsáid má tá an méid seo a leanas i gceist le do mhaoin nua-thógtha nó nua-athchóirithe:
- má tá sí dliteanach le haghaidh na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ)
- agus
- mura bhfuil sí cláraithe fós leis na Coimisinéirí Ioncaim do CMÁ.
Féadtar teacht ar an tseirbhís seo chun do chuid sonraí maoine a thíolacadh trí moChúrsaí nó ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Mura bhfuil tú cláraithe le haghaidh ceachtar díobh seo, féadfaidh tú teacht ar an tseirbhís tríd an tseirbhís ar líne CMÁ.
Tabhair do d’aire
Má cheannaigh tú maoin atá faoi réir Dleacht Stampa, tá sí cláraithe le hahgaidh CMÁ agus tá Aitheantas Maoine agus UAP sannta léi cheana féin. Ní gá duit do mhaoin a fhéinchlárú.
Chun teacht ar an tseirbhís trí moChúrsaí
- Sínigh isteach ar moChúrsaí.
- Cliceáil ar ‘Maoin Nua a Chlárú’ sa rannán ‘Seirbhísí Maoine’.
Chun teacht ar an tseirbhís trí ROS
- Sínigh isteach ar ROS.
- Cliceáil ar an leathanach ‘Seirbhísí Eile’.
- Cliceáil ar ‘Maoin Nua a Chlárú’.
Féadfaidh tú do mhaoin a chlárú ag baint úsáid as an tseirbhís CMÁ ar líne má tá tú cláraithe le haghaidh CMÁ do mhaoin eile. Chun é seo a dhéanamh:
- Cliceáil ar CMÁ ar líne.
- Cuir isteach d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP), UA Maoine agus UAP.
- Cliceáil 'Sínigh Isteach'.
- Roghnaigh an rogha ‘Maoin Chónaithe a Chlárú’ ón liosta roghanna atá ar fáil.
Mura bhfuil tú cláraithe le haghaidh ROS, moChúrsaí nó CMÁ ar líne, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh lenár mBrainse CMÁ chun do mhaoin a chlárú. Ba chóir duit an méid seo a leanas a chur ar fáil:
- d’ainm
- do sheoladh
- do UPSP
- seoladh agus Eircode do do mhaoin nua nó athchóirithe
- an banda luachála a bhaineann le do mhaoin nua nó athchóirithe
- an dáta a críochnaíodh an mhaoin.