Do thuairisceán Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a thíolacadh

Neamhchónaitheoirí

Má tá tú neamhchónaitheach agus má tá tú i d’úinéir ar mhaoin chónaithe in Éirinn, féadfaidh sé go bhfuil do mhaoin faoi dhliteanas Cáin Maoine Áitiúil (CMÁ).

Teastaíonn Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP). uait chun do Thuairisceán Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a thíolacadh.

Mura bhfuil UPSP agat, féadfaidh tú ceann a iarraidh ón Roinn Coimicle Sóisialaí

Nuair a fhaigheann tú do UPSP ón RCS, déan teagmháil linn chun an UPSP nua a ghníomhachtú mar Uimhir Tagartha Cánach chun críocha CMÁ. 

Nuair atá UPSP agat, féadfaidh tú é a úsáid le haghaidh an mhéid seo: 

  • do dhualgais CMÁ a bhainistiú
  • chun críocha na Dleachta Stampála má dhíolann tú nó má aistríonn tú do mhaoin.