Eolas ar Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) do 2013 go dtí 2021

Do mhaoin a luacháil amhail an 1 Bealtaine 2013

Féadfaidh tú do mhaoin a luacháil, ar an 1 Bealtaine 2013, trí thagairt a dhéanamh do na foinsí eolais seo a leanas:

Tugann Treoir ar Luacháil Maoine na gCoimisinéirí Ioncaim don 1 Bealtaine 2013 nod i leith an bhanda luachála do mhaoine, ag brath ar an gcineál maoine, aois na maoine, agus suíomh na maoine. Ní bhaineann sé le maoine le luach margaidh atá níos mó ná €1 milliún.

Tá an treoir cabhrach, ach tá maoine ann i gcónaí, áfach, i gceantair ar leith atá éagsúil ón meán. Féadfaidh sé go mbeadh gnéithe speisialta ag baint le do mhaoin agus ba chóir duit é seo a chur san áireamh nuair atá cinneadh á dhéanamh agat i leith luach do mhaoine.

Féadfaidh sé nach léiríonn an banda luachála i leith maoin i do cheantar, mar a léiríonn an treoir, luach do mhaoin féin go réasúnta amhail an 1 Bealtaine 2013. Más amhlaidh atá an scéal, ba chóir duit do mheasúnú féin a dhéanamh ag baint úsáid as na foinsí eile eolais atá liostaithe thuas.

Céard ba chóir a chur san áireamh i do luacháil

Tá CMÁ do 2013 go 2021 iníoctha ar aon mhaoin chónaithe agus ar thailte eile a bhain leis an maoin sin suas le hacra amháin. Áirítear leis seo aon fhoirgnimh nó áiseanna ar an maoin amhail:

  • clós, gairdín nó paitió
  • cabhsán nó spás páirceála
  • garáiste, cró nó teach gloine
  • seomra sa ghairdín nó oifig bhaile.

Níl talamh, clóis feirme ná foirgnimh a úsáidtear le haghaidh feirmeoireachta faoi dhliteanas CMÁ.

Doiciméid

Ba chóir duit cóip d’aon fhoinsí eolais agus doiciméid tacaíochta a úsáideann tú chun luach margaidh do mhaoine a chinneadh a choinneáil. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim é seo a iarraidh uait i gcás athbhreithnithe ar d’fhéinmheasúnú ar luach do mhaoin.

Faoiseamh do mhaoine oiriúnaithe le haghaidh daoine faoi mhíchumas

Bhíodh faoiseamh ar fáil do CMÁ do mhaoine oiriúnaithe le haghaidh daoine faoi mhíchumas. Chun eolas a fháil ar an gcaoi a fheidhmítear an faoiseamh seo do 2013 go dtí 2021, féach Guidelines on LPT relief for disabled and incapacitated individuals.

Chun eolas a fháil ar an gcaoi a fheidhmítear an faoiseamh seo do 2022 go dtí 2025, féach an Toscaí a imríonn tionchar ar do luacháil.

Ar aghaidh: Díolúintí CMÁ do 2013 go dtí 2021