Do mhaoin a luacháil

Toscaí a imríonn tionchar ar do luacháil

Maoine a ndearna pirít nó Bloic Choincréite Lochtacha dochar dóibh 

Tá díolúintí Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) má bhí tionchar ag pirít nó bloic coincréite lochtacha ar do mhaoin.

Má tá do mhaoin neamh-incháilithe don díolúine thuasluaite, féadfaidh tú fós cuntas a thabhairt ar an damáiste i do luacháil.

Maoine curtha in oiriúint lena áitiú ag duine faoi mhíchumas

Más rud é go raibh do mhaoin curtha in oiriúint lena áitiú ag duine faoi mhíchumas, féadtar do luacháil maoine a laghdú. Má tá tú incháilithe don fhaoiseamh seo, féadfaidh tú do luacháil a laghdú faoi €87,500. Is iondúil go mbogfaidh sé seo do luacháil go banda luachála níos ísle agus laghdóidh sé do mhuirear CMÁ.

Braithfidh suim an laghdaithe ar an mbanda luachála féinmheasúnaithe tosaigh do do mhaoin.

Tá tú incháilithe don fhaoiseamh seo más rud é go:

  • go ndéanann tú do mhaoin a oiriúnú lena ndéanamh níos feiliúnaí lena n-úsáid ag duine faoi mhíchumas
  • go méadaítear luach do mhaoine mar thoradh ar an obair oiriúnaithe
  • go bhfuil do mhaoin ina Áit chónaithe arb é an t-aon áit chónaithe é nó an phríomháit chónaithe é a bhfuil ag duine faoi mhíchumas
  • agus
  • má bhfuair tú deontas Údaráis Áitiúil i dtreo chostas na hoibre oiriúnaithe. Más rud é nach bhfuair tú deontas, féadann na Coimisinéirí Ioncaim fós ligean duit an fhaoiseamh a fháil.

Ní gá gurb é úinéir na maoine an duine le míchumas a áitíonn an mhaoin oiriúnaithe.

Chun éileamh le haghaidh maoin oiriúnaithe a dhéanamh, ba chóir duit Foirm LPT6A a chomhlánú agus é a thíolacadh chuig na Coimisinéirí Ioncaim lena mbreithniú.

Tá díolúine iomlán ar fáil do mhaoine a tógadh, a fuarthas nó a cuireadh in oiriúint do dhuine atá éagumasaithe go buan agus go hiomlán. Le haghaidh tuileadh eolas ar an díolúine seo, féach Maoine a ceannaíodh nó a oiriúnaíodh nó a tógadh lena n-úsáid ag daoine éagumasaithe. 

Ar aghaidh: An chaoi a gcinntítear do mhuirear CMÁ