Do mhaoin a luacháil

An chaoi a gcinntítear do mhuirear CMÁ

Is é do mhuirear Cánach Maoine Áitiúil (CMÁ) an tsuim CMÁ ar cheart duit a íoc. Féadfaidh tú áireamhán CMÁ ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid chun do mhuirear CMÁ a ríomh.

Braitheann do mhuirear CMÁ ar:

  • an banda luachála atá i bhfeidhm ar do mhaoin ar 1 Samhain 2021
  • agus
  • an Fachtóir Coigeartaithe Áitiúil.

Bandaí agus rátaí luachála

Gearrtar CMÁ de réir an bhanda luachála a bhaineann le maoin. Tá bunráta comhfhreagrach CMÁ ag gach banda don tréimhse luachála 2022 go dtí 2025.

Léirítear sa tábla thíos an ráta a bhaineann le gach ceann de na 19 bhanda do mhaoine ar luach suas le €1.75 milliún.

Uimhir an bhanda luachála

Banda Luachála

Muirear CMÁ ag an mbunráta €

1

0 – 200,000

90

2

200,001 – 262,500

225

3

262,501 – 350,000

315

4

350,001 – 437,500

405

5

437,501 – 525,000

495

6

525,001 – 612,500

585

7

612,501 – 700,000

675

8

700,001 – 787,500

765

9

787,501 – 875,000

855

10

875,001 – 962,500

945

11

962,501 – 1,050,000

1,035

12

1,050,001 – 1,137,500

1,189

13

1,137,501 – 1,225,000

1,408

14

1,225,001 – 1,312,500

1,627

15

1,312,501 – 1,400,000

1,846

16

1,400,001 – 1,487,500

2,064

17

1,487,501 – 1,575,000

2,283

18

1,575,001 – 1,662,500

2,502

19

1,662,501 – 1,750,000

2,721

Ní ríomhtar an muirear CMÁ ar mhaoin le luach margaidh níos mó ná €1.75 milliún ó bhanda luachála. Tá sé bunaithe ar luach margaidh na maoine. Ríomhtar an muirear CMÁ le haghaidh na maoine mar shuim den mhéid seo a leanas:

  • 0.1029% den chéad €1.05 milliún de luach margaidh dearbhaithe na maoine
  • 0.25% den chuid den luach margaidh dhearbhaithe os idir €1.05 milliún agus €1.75 milliún
  • agus
  • 0.3% den chuid den luach margaidh dearbhaithe os cionn €1.75 milliún.

Fachtóirí Coigeartaithe Áitiúla

Féadann gach Údarás Áitiúil an ráta CMÁ a mhéadú nó a laghdú suas le 15% ón mbunráta gach bliain. Ciallaíonn sé seo go bhféadfaidh sé go mbeidh do mhuirear CMÁ do bhanda luachála do mhaoine difriúil ó bhunráta an mhuirir CMÁ. Tugtar an 'Fachtóir Coigeartaithe Áitiúil' air seo.

Féadfaidh tú féachaint ar an bhFachtóir Coigeartaithe Áitiúil do gach Údarás Áitiúil do 2024 sa tábla thíos. De mhalairt air sin, féadfaidh tú áireamhán CMÁ ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid chun do mhuirear CMÁ le haghaidh 2024 a ríomh.

Údarás Áitiúil 

Méadú nó laghdú ar an mBonnráta I 2023

Comhairle Contae Cheatharlach

+5%

Comhairle Contae an Chabháin

+15%

Comhairle Contae an Chláir

+15%

Comhairle Cathrach Chorcaí

+9%

Comhairle Contae Chorcaí

+7.5%

Comhairle Contae Dhún na nGall

+15%

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

-15%

Comhairle Contae Dhún Laoghaire–Ráth an Dúin

-15%

Comhairle Contae Fhine Gall

-7.5%

Comhairle Cathrach na Gaillimhe

0%

Comhairle Contae na Gaillimhe

0%

Comhairle Contae Chiarraí

+10%

Comhairle Contae Chill Dara

+10%

Comhairle Contae Chill Chainnigh

+15%

Comhairle Contae Laoise

+10%

Comhairle Contae Liatroma

+15%

Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh

+15%

Comhairle Contae an Longfoirt

+15%

Comhairle Contae Lú

0%

Comhairle Contae Mhaigh Eo

+10%

Comhairle Contae na Mí

0%

Comhairle Contae Mhuineacháin

+15%

Comhairle Contae Uíbh Fhailí

+15%

Comhairle Contae Ros Comáin

+15%

Comhairle Contae Shligigh

+15%

Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas

-15%

Comhairle Contae Thiobraid Árann

+10%

Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge

+10%

Comhairle Contae na hIarmhí

0%

Comhairle Contae Loch Garman

+15%

Comhairle Contae Chill Mhantáin

+6%