Do mhaoin a luacháil

Foinsí eile eolais le do mhaoin a luacháil

Tá an Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) bunaithe ar mheastúchán atá déanta agat ar do mahoin faoin 1 Samhain 2021. Imríonn an meastúchán seo ar do mhaoin tionchar nach beag ar an muirear CMÁ sna blianta 2022 go 2025.

Más amhlaidh narbh ann don mhaoin nua-thógtha ar 1 Samhain 2021, ní mór duit meastúchán a dhéanamh uirthi amhail is gurbh ann di ar an dáta sin. 

Féadfaidh tú féachaint ar cheann amháin nó níos mó de na foinsí eolais chun cabhrú leat do mhaoine a luacháil faoin 1 Samhain 2021:

  • An Clár Praghsanna Maoine Cónaithe. Má tá tú ag déanamh tagairt do phraghsanna maoine nua-thógtha ar an gclár, ba chóir duit CBL ag 13.5% a chur leis.
  • eolas ó ghníomhairí eastáit áitiúla
  • suíomhanna idirlín díolacháin maoine tráchtála, amhail daft.ie agus myhome.ie

Agus tú ag féachaint ar na foinsí thuas, ba chóir duit comparáid a dhéanamh idir mhaoine atá cosúil le do mhaoin féin. Cuir i gcás, ba chóir duit comparáid a dhéanamh idir mhaoine ó thaobh gcineál, méid agus aois de. Níor chóir duit brath ar dhíolachán amháin ar leith. Ina ionadh sin, ba chóir grúpa díolachán cuí thar thréimhsí le déanaí a mheas.

Níl gá duit doiciméid a thíolacadh chuig na Coimisinéirí Ioncaim chun tacú leis an luacháil atá déanta agat ar an maoin. Ba cheart duit, áfach, cóipeanna de na foinsí eolais mar aon leis na cáipéisí tacaíochta a úsáideann tú chun an luacháil a chur i gcrích a choimeád. D'fhéadfadh sé go n-iarrfadh na Coimisinéirí Ioncaim iad ort más amhlaidh go ndéanfar athbhreithniú ar an féinmheasúnú a rinne tú ar luach do mhaoine. 

Luacháil ghairmiúil

Féadfaidh tú roghnú iarraidh ar luachálaí gairmiúil do mhaoin a luacháil. 

Ba chóir go léireodh an luacháil ghairmiúil an luach atá ar do mhaoin amhail an 1 Samhain 2021. Ba chóir go n-áireofaí sna doiciméid a chuireann an luachálaí gairmiúil ar fáil an méid seo a leanas:

  • cineál na maoine
  • méid na maoine
  • caighdeán, nó deisriocht na maoine.

Ar aghaidh: Toscaí a imríonn tionchar ar do luacháil