Do mhaoin a luacháil
An chaoi le do mhaoin a luacháil
Nuair a dhéanann tú do mhaoin a luacháil amhail an 1 Samhain 2025, ba chóir duit mionsonraí do mhaoine féin a mheas. Áirítear leis seo, mar shampla, an méid, aois, bail agus líon na seomraí leapa i do mhaoin. Féadfaidh sé go mbeidh gnéithe speisialta ag baint le do mhaoin atá ábhartha don luach margaidh.
Tá roinnt uirlisí agus acmhainní ar fáil chun cabhrú leat agus tú ag déanamh féinmheasúnaithe ar luach do mhaoine.
Uirlis luachála idirghníomhach na gCoimisinéirí Ioncaim
Féadfaidh tú féachaint ar uirlis luachála idirghníomhach na gCoimisinéirí Ioncaim chun tacú leat do mhaoin a luacháil. Sonraíonn an uirlis seo an meánbhanda luachála do mhaoine i do gharcheantar. Ní léiríonn sé luach margaidh sonrach d'aon mhaoin aonair.
Tá an uirlis luachála idirghníomhach bunaithe ar an luach margaidh atá ag maoine amhail an 1 Samhain 2025. Tá sé seo amhlaidh mar go bhfuil do mhuirear CMÁ le haghaidh 2026 go 2030 bunaithe ar do luacháil ar do mhaoin amhail an 1 Samhain 2025.
Tá tusa freagrach as a mheas an mbaineann an meánbhanda luachála do cheantair le do mhaoin féin. Féadfaidh sé nach léireoidh meánbhanda luachála do mhaoine i do gharcheantar luach do mhaoine féin.
Ba chóir duit mionsonraí do mhaoine féin a mheas nuair atá tú ag déanamh comparáid le maoine eile i do gharcheantar. D'fhéadfadh gnéithe speisialta a bheith bainteach le do mhaoin ar chóir duit a chur san áireamh agus tú ag déanamh do mheas an dtagann luach do mhaoine taobh istigh de meánbhanda luachála do gharcheantair.
Tá sé tábhachtach gan braith go heisiach ar an uirlis luachála idirghníomhach chun luach do mhaoine a chinneadh. Ba chóir duit féachaint freisin ar na foinsí seachtracha eolais thíosluaite.
Foinsí seachtracha eolais
Chun luach do mhaoine a chinneadh amhail an 1 Samhain 2025, féadfaidh tú tagairt a dhéanamh d'fhoinse amháin, nó níos mó ná sin, de na foinsí eolais seo a leanas:
- An Clár Praghsanna Réadmhaoine Cónaithe. Má tá tú ag déanamh tagairt do phraghsanna maoine nua-thógtha ar an gclár, ba chóir duit Cáin Bhreisluacha (CBL) a chur leis ag 13.5%.
- Eolas ó ghníomhairí eastáit áitiúla.
- Suímh idirlín díolacháin maoine tráchtála, amhail daft.ie agus myhome.ie
Nuair atá tú ag féachaint ar na foinsí thuas, ba chóir duit comparáid a dhéanamh idir maoine atá cosúil le do cheann féin. Mar shampla, ba chóir duit comparáid a dhéanamh idir maoine ó thaobh cineál, méid agus aois de. Níor chóir duit brath ar dhíolachán amháin ar leith. Ina áit sin, ba chóir duit smaoineamh ar ghrúpa díolachán ábhartha gar don 1 Samhain 2025
Luacháil ghairmiúil
Féadfaidh tú roghnú iarraidh ar luachálaí gairmiúil do mhaoin a luacháil. Ba chóir go léireodh an luacháil ghairmiúil an luach atá ar do mhaoin amhail an 1 Samhain 2025. Ba chóir go n-áireofaí sa doiciméid a chuireann an luachálaí gairmiúil ar fáil an méid seo a leanas:
- cineál na maoine
- méid na maoine
- caighdeán, nó deisriocht na maoine..
Cáipéisí tacaíochta
Níl sé riachtanach duit doiciméid a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim chun tacú le do luacháil. Ba chóir duit, áfach, cóip d’aon fhoinsí eolais agus doiciméid tacaíochta a úsáideann tú chun luach do mhaoine a chinneadh a choinneáil. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim é seo a iarraidh uait i gcás athbhreithnithe ar d’fhéinmheasúnú ar luach do mhaoin.
Ar aghaidh: Toscaí a imríonn tionchar ar do luacháil