Díolúintí ó Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) le haghaidh 2026 go dtí 2030

Maoine a fhaightear, nó a oiriúnaíodh nó a tógadh lena n-úsáid ag daoine éagumasaithe

Féadfaidh sé go bhfuil díolúine ó Cháin Maoine Áitiúil (CMÁ) i gceist le maoine a fhaightear, a oiriúnaíodh nó a tógadh lena n-úsáid ag daoine éagumasaithe.

Coinníollacha cáilithe

De réir coinníollacha na díolúine seo, ní mór go mbainfidh an méid seo a leanas leis an duine éagumasaithe:

  • go bhfuil siad faoi éagumas go buan agus go hiomlán, sa mhéid is nach bhfuil siad in ann aire a thabhairt dóibh féin trí ioncam a thuilleamh ó bheith ag obair
  • go bhfuil bronntanas ó chúirt nó ón mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta faighte acu, nó gur bhain siad leas as ciste iontaobhais phoiblí. Mura mbaineann aon cheann díobh seo, ba chóir don úinéir maoine iarratas a dhéanamh leis na na Coimisinéirí Ioncaim go díreach le sonraí a gcás.
  • go bhfuil riocht sláinte acu atá chomh géar sin go leagann sé síos an cineál maoine a fhéadfaidh siad cónaí inti
  • agus
  • áitíonn an duine faoi éagumas an mhaoin a áitiú mar áit chónaithe arb é an t-aon áit chónaithe í, nó an phríomháit chónaithe í ar an dáta dliteanais 1 Samhain de gach bliain. Cuir i gcás, más mian leis an duine éagumasaithe an t-éileamh a éalú in 2026, ba cheart go mbeadh cónaí orthu sa mhaoin agus go mbeadh sí mar phríomháit chónaithe aige ar 1 Samhain 2025.

Baineann an díolúine le maoine oiriúnaithe má sháraíonn costas an oiriúnaithe 25% de luach margaidh na maoine (sular oiriúnaíodh í).

Ní bhaineann an riachtanas de bheith in ann ioncam a thuilleamh ó obair le leanaí atá faoi 16 bliana d’aois. Caithfear le leanaí den chineál sin mar faoi éagumas go buan agus go hiomlán sa chás go bhfaigheann siad Liúntas Cúraim Baile ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS).

Doiciméid tacaíochta

Teastaíonn litir ó dhochtúir chun cineál an mhíchumais a dheimhniú, agus go raibh gá leis an obair oiriúnaithe mar gheall ar an éagumas.

Má tá tú ag déanamh iarratais ar an díolúine den chéad uair, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim athbhreithniú ar an iarratas.

Cinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim má bhaineann an díolúine i gcúinsí nach bhfuil an méid seo a leanas i gceist leis a duine éagumasaithe:

  • go bhfuil bronntanas ó chúirt nó ón mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta faighte acu
  • gur bhain siad leas as ciste iontaobhais poiblí.

Sna cúinsí seo, ba chóir ceann den dá fhoirm seo a chomhlánú:

  • Form LPT7 sa chás go bhfuil an duine faoi éagmais 16 bliain d’aois nó níos sine.
  • Foirm LPT8 sa chás go bhfuil an duine faoi éagmais níos óige ná 16 mbliana d’aois.

Incháilitheacht roimhe seo

Má d'éiligh tú an díolúine seo roimhe seo, ní mór duit fós Tuairisceán CMÁ a thíolacadh do na blianta 2026 go 2030. Tá an tuairisceán seo dlite faoin 7 Samhain 2025. Mura bhfuil athrú tagtha ar do chúinsí agus má tá tú fós incháilithe don díolúine, féadtar an díolúine a éileamh ar do Thuairisceán CMÁ.

Athruithe i leith incháilitheachta don díolúine seo

Má dhíoltar do mhaoin, leanfaidh an díolúine de bheith i bhfeidhm go dtí deireadh na bliana. Tiocfaidh an mhaoin de bheith faoi dhliteanas CMÁ ar an gcéad dáta dlite eile.

Tuilleadh eolais

Tá faisnéis mhionsonraithe faoin díolúine seo, an chaoi leis an fhoirm cuí a chomhlánú agus na doiciméid ar chóir duit a thíolacadh ar fáil faoi Threoir breise.

Ar aghaidh: Maoine a tógadh ag baint úsáid as bloic coincréite lochtacha