Díolúintí ó Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) do 2022 go dtí 2025

Maoine atá go hiomlán faoi réir rátaí tráchtála

Féadfaidh maoine atá go hiomlán faoi réir rátaí tráchtála a bheith díolmhaithe ón gCáin Maoine Áitiúil (CMÁ). Níl feidhm ag an díolúine seo má tá an mhaoin díolmhaithe ó rátaí trachtála a íoc le húdarás áitiúil.

Coinníollacha cáilitheacha

Baineann an díolúine seo sa chás:

  • go mbíonn maoin á húsáid go heisiach mar áit chónaithe
  • agus
  • go mbíonn rátaí tráchtála iníoctha i leith na maoine le húdarás áitiúil.

Sampla de mhaoin chónaithe atá go hiomlán faoi réir rátaí tráchtála is ea teach aíochta atá cláraithe le Fáilte Ireland.

Maoin úsáide measctha

Féadfaidh sé go bhfuil páirteanna difriúla de mhaoin in úsáid chun críocha tráchtála agus cónaithe. Mar shampla, siopa ar urlár na talún le cóiríocht cónaithe os a chionn. Tá CMÁ dlite ar an gcuid den mhaoin a úsáidtear mar chónaitheacht mura bhfuil sé faoi réir rátaí tráchtála.

Má úsaidtear do mhaoin chun críocha tráchtála agus cónaitheacha araon, ní fheidhmítear díolúine. Ba chóir duit:

  • féinmheasúnú a dhéanamh ar an gcuid cónaithe den mhaoin
  • do thuairisceán CMÁ a thíolacadh, lena n-áirítear do luacháil
  • agus
  • socruithe a dhéanamh chun do mhuirear CMÁ a íoc.

Doiciméid tacaíochta

Ba chóir duit doiciméid tacaíochta ón údarás áitiúil cuí a thíolacadh chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

Ba chóir go ndearbhófaí an méid seo a leanas sna doiciméid:

  • go bhfuil iomlán na maoine faoi réir rátaí tráchtála
  • agus
  • nár tugadh aon liúntas d'aon sciar cónaithe.

Incháilitheacht roimhe seo

Má rinne tú an díolúine a éileamh ar do Thuairisceán CMÁ agus níl aon athrú tagtha ar do chúinsí, ní theastaíonn aon ghníomh eile do 2024.

Athruithe i leith incháilitheachta

Sa chás nach gcomhlíontar coinníollacha cáilithe na díolúine a thuilleadh do do mhaoin, ní leanfaidh an díolúine de bheith i bhfeidhm ach go dtí deireadh na bliana amháin. Tiocfaidh an mhaoin de bheith faoi dhliteanas CMÁ ar an gcéad dáta dlite eile, sa bhliain ina dhiaidh.

Má dhíolann tú do mhaoin, agus go bhfuil sí fós faoi réir rátaí tráchtála, féadann an t-úinéir nua ath-iarratas a dhéanamh ar an díolúine seo.

Ar aghaidh: Maoine de chuid carthanas nó comhlacht poiblí