Díolúintí ó Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) le haghaidh 2026 go dtí 2030

Tithe altranais atá cláraithe

Tá tithe altranais atá cláraithe faoi hAlt 49 den Acht Sláinte 2007 díolmhaithe ó Cháin Maoine Áitiúil (CMÁ).

Ba chóir go mbeadh do theach altranais á úsáid go heisiach le cúram a thabhairt do dhaoine aonair a bhfuil deimhniú tugtha ag dochtúir ina leith go bhfuil siad faoi mhíchumas fadtéarmach meabhrach nó fisiceach.

Tá aonaid cónaithe a bhaineann le teach altranais faoi dhliteanas CMÁ.

Féadfaidh sé go n-iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim deimhniú uait go bhfuil do theach altranais:

  • cláraithe faoi hAlt 49 den Acht Sláinte 2007
  • agus
  • nach mbaineann aon aonad cónaithe leis.