Díolúintí ó Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) le haghaidh 2026 go dtí 2030
Maoine neamháitithe ar feadh tréimhse shínte de dheasca an t-úinéir a bheith tinn
D’fhéadfadh réadmhaoin atá neamháitithe ar feadh tréimhse sínte mar gheall ar bhreoiteacht an úinéara a bheith díolmhaithe ó Cháin Maoine Áitiúil (CMÁ).
Coinníollacha cáilithe
Tá tú incháilithe don díolúine seo más rud é, go bhfuil meabhairghalar fadtéarmach nó míchumas fisiceach nó tinneas agat, agus:
- nár chónaigh tú san aon áit chónaithe atá agat, nó i do phríomháit chónaithe ar feadh 12 mhí nó níos faide
- nó
- nach raibh tú in ann cónaí san aon áit chónaithe atá agat, nó i do phríomháit chónaithe ar feadh níos lú ná 12 mhí, agus ní dócha go bhfillfidh tú ar do mhaoin.
Má tá níos mó ná aon úinéir amháin ann ar do mhaoin, ní mór do gach ceann de na daoine dliteanacha na coinníolllacha a chomhlíonadh. Má tá duine dliteanach ina chónaí sa mhaoin agus tú as láthair, níl feidhm ag an díolúine seo.
Tá an díolúine seo ar fáil, sa chás go bhfuil an mhaoin folamh nó má tá duine ina chónaí sa mhaoin nach duine faoi dhliteanas é. Cuir i gcás, tionónta, gaol nó cara.
- Sampla 1
Tá a teach cónaithe ag Máire i gCo. na Mí. Is í úinéir aonair a tí í agus chónaigh sí léi féin go dtí gur fhulaing sí stróc i mí Iúil 2025. Bhog Máire isteach i dteach altranais agus dheimhnigh a comhairleoir nach dócha go bhfillfeadh sí ar a teach ag aon am sa todhchaí. Comhlíonann Máire na critéir le haghaidh díolúine ar an 1 Samhain 2025, dá bhrí sin, cáilíonn sí le haghaidh díolúine ó CMÁ in 2026.
- Sampla 2
Is comhúinéirí a dteach iad Pat agus Eileen i gContae Chiarraí. D'fhulaing Pat gortú cloigeann i mBealtaine 2022. Dheimhnigh dochtúir Pat nach raibh sé in ann maireachtáil go neamhspleách a thuilleadh, agus aistríodh Pat chuig saoráid chúraim i Meán Fómhair 2022. Leanann Eileen uirthi ag cónaí sa teach atá acu. Ní féidir an díolúine a éileamh sa chás seo toisc go bhfuil Eileen faoi dhliteanas CMÁ i ndáil leis an maoin freisin. Ní chomhlíonann sí na critéir díolúine.
- Sampla 3
Tá a teach cónaithe ag Joan i gContae Cheatharlach. Ba í an t-aon áititheoir sa maoin go dtí gur bhog sí isteach i dteach altranais i mí an Mheithimh 2021. Thug a dochtúir deimhniú nach raibh sí in ann maireachtáil go neamhspleách. Chomhlíon sí na critéir don díolúine ar an 1 Samhain 2021, agus d'éiligh sí an díolúine ar a tuairisceán CMÁ do na blianta 2022 go 2025.
I mí Lúnasa 2023, bhog gariníon Joan isteach i maoin Joan i gContae Cheatharlach. Níl gariníon Joan faoi dhliteanas CMÁ i ndáil leis an maoin. Dá bhrí sin, ní dhéanann a áitiú ar an maoin difear d'éileamh Joan i leith an díolúine CMÁ. Leanann Joan de bheith cáilithe don díolúine CMÁ.
Do na blianta 2013 go 2021, ní raibh feidhm leis an díolúine seo sa chás go raibh an mhaoin á áitiú ag aon duine. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an Tax and Duty Manual Part 02-03.
Doiciméid tacaíochta
Is gá duit na doiciméid tacaíochta seo a leanas a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim:
- Deimhniú i scríbhinn ó do dhoctúir maidir le do mhíchumas. Mura raibh tú in ann bheith i do chónaí sa mhaoin ar feadh níos lú ná 12 mhí, ba chóir go ndeimhneoidh an litir seo nach dócha go bhfillfidh tú ar do mhaoin.
- Do dheimhniú fhéin i scríbhinn, ó dháta dliteanais 1 Samhain an bhliain áirithe:
- nach bhfuil cónaí ar chomhúinéir, nó ar dhuine dliteanach i do mhaoin
- agus
- nach bhfuil sé de cheart ag aon duine dliteanach eile cónaí a bheith orthu i do mhaoin.
Incháilitheacht roimhe seo
Má d'éiligh tú an díolúine seo roimhe seo, ní mór duit fós Tuairisceán CMÁ a thíolacadh le haghaidh na blianta 2026 go 2030. Tá an tuairisceán seo dlite faoin 7 Samhain 2025. Mura bhfuil athrú tagtha ar do chúinsí agus má tá tú fós incháilithe don díolúine, féadtar an díolúine a éileamh ar do Thuairisceán CMÁ.
Athruithe i leith incháilitheachta don díolúine seo
Má thagann feabhas ar do riocht sláinte agus má fhilleann tú ar d’áit chónaithe, scoirfidh an díolúine de bheith i bhfeidhm ón dáta dliteanais (1 Samhain). Mar shampla, má fhágann tú do mhaoin i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus go mbogann tú ar ais isteach i mí an Mheithimh 2025, níl tú faoi dhliteanas CMÁ a íoc do 2025. Beidh tú faoi dhliteanas CMÁ do 2026, áfach, toisc go raibh cónaí ort i do mhaoin ar an 1 Samhain 2025.
Ba chóir duit an Brainse CMÁ a chur ar an eolas mura gcáilíonn tú don díolúine a thuilleadh.
Má dhíoltar do mhaoin, leanfaidh an díolúine de bheith i bhfeidhm go dtí deireadh na bliana. Beidh an mhaoin faoi dhliteanas CMÁ ar an gcéad dáta dliteanais eile.
Ar aghaidh: Maoine a fhaightear, nó a oiriúnaíodh nó a tógadh lena n-úsáid ag daoine éagumasaithe