Díolúintí ó Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) le haghaidh 2026 go dtí 2030

Maoine a tógadh ag baint úsáid as bloic coincréite lochtacha

Má tógadh do mhaoin ag baint úsáid as bloic coincréite lochtacha, féadfaidh sé go mbeidh sí díolmhaithe ó Cháin Maoine Áitiúil (CMÁ).

Coinníollacha cáilitheacha

Beidh feidhm ag an bhfaoiseamh seo má chomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

  • Tá an mhaoin incháilithe don Scéim Deontais i leith Bloic Coincréite Lochtacha, arna riar ag Comhairlí Contae an Chláir, Luimnigh, Shligigh, Mhaigh Eo agus Dhún na nGall.
  • Go bhfuil cuideachta árachais nó an tógálaí a thóg an mhaoin, tar éis:
    • obair feabhsúcháin chuí a dhéanamh
    • an maoiniú dóthanach a chur ar fáil chun an obair seo a dhéanamh faoi réir na gcaidhdéan riachtanach.

Doiciméid tacaíochta

Ba chóir duit ceann de na doiciméid tacaíochta seo a leanas a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim:

  • Deimhniú incháilitheachta don Scéim Deontais i leith Bloic Coincréite Lochtacha arna eisiúint ag an údarás áitiúil cuí.
  • Deimhniú ón údarás áitiúil gur baineadh amach an 'tairseach damáiste' ábhartha.
  • Deimhniú i leith éileamh árachais rathúil.
  • Deimhniú go bhfuil tógalaí nó forbróir maoine tar éis:
    • obair feabhsúcháin chuí a dhéanamh
    • an maoiniú dóthanach a chur ar fáil chun an obair feabhsúcháin seo a dhéanamh.

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis bhreise a iarraidh chun a fhíorú go gcailíonn do mhaoin don díolúine.

Fad na díolúine

Beidh feidhm ag an díolúine seo ar feadh tréimhse sheasta sé bliana ón gcéad dáta dliteanais. Mar shampla, má cháilíonn do mhaoin ón dáta dliteanais, an 1 Samhain 2025, beidh sí díolmhaithe ó CMÁ le haghaidh 2026 go 2031 .

Incháilitheacht roimhe seo

Ba chóir duit ceadú na díolúine a fuair tú ó na Coimisinéirí Ioncaim a sheiceáil chun dáta deiridh do dhíolúine a fháil. Fiú má tá do mhaoin fós incháilithe don díolúine in 2026, ceanglaítear ort fós do Thuairisceán CMÁ a thíolacadh do na blianta 2026 go 2030. Tá an tuairisceán seo dlite faoin 7 Samhain 2025.

Tuilleadh eolais

Tá faisnéis mhionsonraithe faoin díolúine seo, agus na doiciméid ar chóir duit a thíolacadh, le fáil faoi Threoir breise.

Ar aghaidh: Maoine deimhnithe mar mhaoine damáistithe ag pirít