Eolas ar Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) do 2013 go dtí 2021

Iarchur CMÁ do 2013 go dtí 2021

Féadfaidh tú íocaíocht do Chánach Maoine Áitiúil (CMÁ) a iarchur má chomhlíonann tú coinníollacha áirithe.

Ní díolúine é iarchur. Tá íocaíocht an CMÁ á iarchur agat. Éiríonn an CMÁ iarchurtha de bheith iníoctha ar ball. Tabhófar ús ar an tsuim neamhíoctha go dtí go n-íoctar í.

Ráta úis

Is é 4% an ráta úis a bhaineann le CMÁ a iarcuireadh do 2013 go dtí 2021.

Catagóirí iarchuir 

Tá ceithre chatagóir d’iarchur:

  • tairseach ioncaim
  • ionadaithe pearsanta duine dhliteanaigh éagtha
  • dócmhainneacht phearsanta
  • forais chruatain.

Chun eolas a fháil ar an gcaoi le hiarratas a dhéanamh, féach an rannán ar Íocaíocht Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a iarchur.

Coinníollacha cáilithe

Catagóir: Tairseach Ioncaim

Tháinig méadú ar na tairseacha ioncaim a bhain leis na blianta 2013 go dtí 2021 do na blianta 2022-2025.

Chun eolas a fháil ar na tairseacha nua ioncaim agus ar na coinníollacha cáilithe a bhaineann leis na catagóirí iarchurtha eile, féach Íocaíocht Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a iarchur.

Tairseacha ioncaim 2013-2021

Tairseacha ioncaimm chun iarchur iomlán nó iarchur i bpáirt a éileamh do 2013 go dtí 2021

Duine dliteanach (úinéirí-áititheoirí amháin)

Chun bheith incháilithe le haghaidh iarchur iomlán, ní mór nach mó an t-ioncam comhlán ná

Chun bheith incháilithe le haghaidh iarchur i bpáirt (50%), ní mór nach mó an t-ioncam comhlán ná 

Duine singil nó baintreach, gan mhorgáiste

€15,000

€25,000

Lánúin, gan mhorgáiste

€25,000

€35,000

Duine singil nó baintreach, le morgáiste

€15,000 + 80% d’íocaíochtaí comhlán úis ar mhorgáiste 

€25,000 + 80% d’íocaíochtaí comhlán úis ar mhorgáiste

Lánúin, le morgáiste

€25,000 + 80% d’íocaíochtaí comhlán úis ar mhorgáiste

€35,000 + 80% d’íocaíochtaí comhlán úis ar mhorgáiste

Tabhair do d’aire

Tá deireadh á cur leis an tairseach d’íocaíochtaí úis morgáiste . Níl an chatagóir seo ar fáil ach do mhorgáistí a tógadh amach roimh an 1 Samhain 2020.

Féach Íocaíochtaí Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a iarchur chun teacht ar eolas maidir le cén chaoi iarratas a dhéanamh ar iarchur.