Eolas ar Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) do 2013 go dtí 2021

Do Thuairisceán CMÁ le haghaidh 2013 go dtí 2021 a cheartú

Féadfaidh tú do Thuairisceán CMÁ do 2013 go dtí 2021 a cheartú má tá tú den tuairim go bhfuil tú tar éis aon cheann díobh seo a leanas a dhéanamh:

  • do mhaoin a luacháil go ró-íseal amhail an 1 Bealtaine 2013
  • do mhaoin a luacháil go ró-ard amhail an 1 Bealtaine 2013
  • gur éiligh tú díolúine ó CMÁ nó iarchur ar íocaíocht go mícheart
  • nár éiligh tú díolúine ó CMÁ nó iarchur ar íocaíocht a bhí tú i dteideal.

Déanfar suim do dhliteanais CMÁ a athríomh agus:

  • tiocfaidh an tsuim sin in áit na suime dliteanais CMÁ bunaidh
  • beidh an tsuim nua mar bhunús do do mhuirear CMÁ do gach bliain ó 2013 go 2021.

Má tháinig méadú ar do dhliteanas CMÁ mar gheall ar an gceartúchán, tá an méadú iníoctha agat láithreach agus d’fhéadfadh sé bheith faoi réir úis.

An chaoi le do Thuairisceán CMÁ le haghaidh 2013 go dtí 2021 a cheartú

Má thíolaic tú do Thuairisceán Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) cheana féin ach gur mian leat anois do luacháil a leasú, féach How to correct your Return.

Féadann na Coimisinéirí Ioncaim eolas breise a iarraidh uait roimh bhailíocht d’éilimh a chinneadh.

Ar aghaidh: Maoine atá faoi dhliteanas CMÁ ó 2013 go 2021