Eolas ar Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) do 2013 go dtí 2021

Léargas ginearálta

Tugadh isteach an Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) i mí Iúil 2013. Ba é 1 Bealtaine 2013 an chéad dáta luachála do CMÁ agus bhí an chéad tréimhse luachála CMÁ i bhfeidhm ó 2013 go dtí 2021. Tá do do mhuirear CMÁ do 2013 go dtí 2021 bunaithe ar do luacháil féin ar do mhaoin mar a bhí ar an 1 Bealtaine 2013.

Sa rannán seo, tá eolas ar fáil ar an gcéad tréimhse luachála CMÁ.

Is é 1 Samhain 2021 an dáta luachála reatha. Is é an tréimhse luachála reatha ná 2022 go dtí 2025. Chun eolas a fháil ar an tréimhse luachála reatha, féach Cáin Mhaoine Áitiúil - céard is gá duit a dhéanamh le haghaidh 2023.

Ar aghaidh: Do Thuairisceán CMÁ le haghaidh 2013 go dtí 2021 a cheartú