Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) - céard is gá duit a dhéanamh le haghaidh 2027

Léargas ginearálta

Is é an dáta dliteanais le haghaidh CMÁ ná 1 Samhain gach bliain. Ciallaíonn sé seo go mbeidh do mhaoin faoi dhliteanas CMÁ in 2027 más maoin chónaithe í ar an 1 Samhain 2026.

Is gá duit an muirear CMÁ do 2027 aíoc más tú an duine dliteanach do CMÁ ar an 1 Samhain 2026. Tá tú fós mar an duine dliteanach má dhíolann nó má aistríonn tú do mhaoin idir an 1 Samhain 2026 agus an 31 Deireadh Fómhair 2027.

Le seiceáil má tú agus do mhaoin faoi dhliteanas CMÁ, féach Dliteanas na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ).

Tá do mhuirear CMÁ bunaithe ar do luacháil maoine amhail an 1 Samhain 2025. Cinnfidh do luacháil ar do mhaoin ar an dáta seo do mhuirear CMÁ le haghaidh gach bliain suas go dtí 2030.

Baineann sé seo le maoine nua-thógtha nó athchóirithe abhí do-áitrithe ar an 1 Samhain 2025, ach a bhí oiriúnach le húsáid mar áit chónaithe ar an 1 Samhain 2026. 

Braithfidh an méid atá le déanamh agat do 2027 ar an méid seo a leanas:

  • an raibh do mhaoin faoi dhliteanas CMÁ in 2026
  • nó 
  • ar tháinig do mhaoin de bheith faoi dhliteanas CMÁ den chéad uair in 2027. 

Má tá do mhaoin faoi dhliteanas CMÁ den chéad uair, téigh ar aghaidh go dtí an leathanach 'Maoine nua-dhliteanach'.

Má bhí do mhaoin faoi dhliteanas CMÁ in 2026, téigh chuig 'Maoine a bhí faoi dhliteanas CMÁ in 2026'.

Tabhair do d'aire

Má tháinig do mhaoin de bheith faoi dhliteanas, ní mór duit do mhaoin a luacháil agus Thuairisceán CMÁ a thíolacadh faoin 2 Nollaig 2026. 

Ar aghaidh: Maoine atá nua-dhliteanach