Cáin Mhaoine Áitiúil - céard is gá duit a dhéanamh le haghaidh 2026

Maoin a thagann faoi dhliteanas den chéad uair in 2026

Maoine nua-thógtha nó athchóirithe

D'fhéadfaidh sé go bhfuil do mhaoin tar éis teacht faoi dhliteanas na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) den chéad uair in 2026 más amhlaidh:

  • gur maoin chónaithe nua-thógtha a bhí inti a cuireadh i gcrích tar éis an 1 Samhain 2024, agus ar, nó roimh, an 1 Samhain 2025
  • gur tháinig sí de bheith áitithe, nó de bheith feiliúnach le húsáid mar áit chónaithe tar éis an 1 Samhain 2024, agus ar, nó roimh, an 1 Samhain 2025.

Beidh ort do mhaoin a chlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim mura raibh sí cláraithe roimhe seo chun críocha CMÁ nó Dleachta Stampa. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Maoin a chlárú le haghaidh na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ).

Má tá do mhaoin cláraithe cheana féin le haghaidh CMÁ, féadfaidh tú rochtain a fháil ar an taifead CMÁ tríd an tseirbhís CMÁ ar líne. Ní mór duit na trí chéim seo a leanas a chomhlíonadh:

  1. Déan luach margaidh do mhaoine a chinneadh amhail an 1 Samhain 2025.
  2. Tíolaic do thuairisceán CMÁ.
  3. Deimhnigh do shocrú íocaíochta CMÁ do 2026.

Tabhair do d'aire

Bhí an Tuairisceán CMÁ dlite faoin 12 Samhain 2025. Mura bhfuil do thuairisceán CMÁ tíolactha agat cheana féin, ba chóir duit é sin a dhéanamh láithreach.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Maoine a thagann de bheith faoi dhliteanas CMÁ.