Cáin Mhaoine Áitiúil - céard is gá duit a dhéanamh le haghaidh 2026
Roghanna íocaíochta agus spriocdhátaí
Ní mór duit do thuairisceán Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a thíolacadh faoin 7 Samhain 2025. Mar chuid den tuairisceán seo, iarrfar ort rogha íocaíochta a roghnú le haghaidh 2026. Féadtar roghnú íocaíocht aonair amháin a dhéanamh nó d’íocaíochtaí a roinnt thar an mbliain.
Is é an bealach is éasca chun do Mhuirear CMÁ a íoc ná ar líne. Tugann sé seo réimse leathan roghanna íocaíochta duit:
- íocaíocht aonair ina hiomláine:
- cárta dochair nó cárta creidmheasa
- Treoir Dochair Bhliaintúil (TDB).
- tráthíocaíochtaí chun d’íocaíochtaí a scaipeadh i rith na bliana:
- dochar díreach míosúil
- asbhaint ag an bhfoinse (ó do thuarastal, pá, pinsin cheirde, íocaíocht ón Roinn Coimirce Sóisialaí nó íocaíocht ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara).
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi na roghanna íocaíochta atá ar fáil, féach Do Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) a íoc.
Braitheann an dáta roimh ar a bhfuil ort do mhuirear CMÁ a íoc ar an modh íocaíochta a roghnaíonn tú:
- Eanáir 2026 – tosaíonn tráthíocaíochtaí trí asbhaint ag an bhfoinse (ó thuarastal, pá, pinsin cheirde) agus íocaíochtaí rialta airgid trí sholáthraí seirbhíse íocaíochta.
- 09 Eanáir 2026 – an dáta deiridh chun íocaíocht iomlán a dhéanamh le hairgead tirim (trí sholáthraí seirbhíse íocaíochta), le cárta creidmheasa nó cárta dochair.
- 15 Eanáir 2026 – tosófar íocaíochtaí dochair dhírigh míosúla agus leanfaidh siad ar aghaidh ar an 15ú lá de gach mí.
- 20 Márta 2026 – is é seo an dáta asbhainte le haghaidh íocaíochta a dhéanamh trí Threoir Dochair Bhliantúil (TDB).
Tabhair do d'aire
Má roghnaíonn tú do mhuirear CMÁ a íoc le cárta dochair nó le cárta creidmheasa, próiseálfar d’íocaíocht ar an dáta a dtíolactar.
Ar aghaidh: Maoin a thagann faoi dhliteanas den chéad uair in 2026
Sínigh isteach ar CMÁ ar líne
Íoc do CMÁ, tíolaic do thuairisceáin nó priontáil d’admháil le haghaidh íocaíocht ar líne.
-
Ábhair ghaolmhara