Cáin Mhaoine Áitiúil - céard is gá duit a dhéanamh le haghaidh 2026

Do mhaoin a luacháil

Ní mór duit an luach a bhaineann le do mhaoin a chinneadh amhail an 1 Samhain 2025. Ní mór duit an luacháil seo a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim i do thuairisceán Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ). Tá an tuairisceán seo dlite faoin 07 Samhain 2025.

Déanann an luacháil a dhearbhíonn tú ar do thuairisceán CMÁ do mhuirear CMÁ  a chinneadhdo na blianta 2026 go 2030.

Bandaí agus rátaí luachála

Gearrtar CMÁ de réir an bhanda luachála a bhaineann le do mhaoin. Tá bunráta comhfhreagrach CMÁ ag gach banda.

Léirítear sa tábla thíos an ráta a bhaineann le gach ceann de na 19 bhanda do mhaoine ar luach suas le €2.1 milliún.

Bandaí luachála agus bunrátaí don tréimhse luachála ó 2026 go 2030
Uimhir an bhanda luachálaBanda luachála €Muirear CMÁ ag an mbunráta €

1

0 – 240,000

95

2

240,001 – 315,000

235

3

315,001 – 420,000

333

4

420,000 – 525,000

428

5

525,001 – 630,000

523

6

630,001 – 735,000

618

7

735,001 – 840,000

713

8

840,001 – 945,000

808

9

945,001 – 1,050,000

903

10

1,050,001 – 1,155,000

998

11

1,155,001 – 1,260,000

1,094

12

1,260,001 – 1,365,000

1,272

13

1,365,001 – 1,470,000

1,535

14

1,470,001 – 1,575,000

1,797

15

1,575,001 – 1,680,000

2,060

16

1,680,001 – 1,785,000

2,322

17

1,785,001 – 1,890,000

2,585

18

1,890,001 – 1,995,000

2,847

19

1,995,001 – 2,100,000

3,110

Tabhair do d'aire

Má tá do mhaoin luacháilte os cionn €2.1 milliún, ní mór duit luach margaidh sonrach a dhearbhiú ar do thuairisceán CMÁ.

Fachtóir Coigeartaithe Áitiúil

Féadann gach Údarás Áitiúil an ráta CMÁ a mhéadú nó a laghdú suas le 15% ón mbonnráta. Tugtar an Fachtóir Coigeartaithe Áitiúil air seo. Ciallaíonn sé seo go bhféadfadh an muirear CMÁ do bhanda luachála do mhaoine a bheith difriúil ó bhunráta an mhuirir CMÁ. De mhalairt air sin, féadfaidh tú áireamhán CMÁ ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid chun do mhuirear CMÁ a ríomh le haghaidh 2026. Léireoidh sé seo an Fachtóir Coigeartaithe Áitiúil do do mhaoin.

Tá roinnt uirlisí agus acmhainní ar fáil chun cabhrú leat agus tú ag déanamh féinmheasúnaithe ar luach do mhaoine le haghaidh CMÁ. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Do mhaoin a luacháil.

Ar aghaidh: Uirlis luachála idirghníomhach na gCoimisinéirí Ioncaim